Agus do ċoṁnuiġeadar drong áiriġ do ċloinn Iúdah ann Iérusalem, agus do ċloinn Ḃeniamin. Do ċloinn Iúdah; Ataiah ṁac Ussiah, ṁic Seċariah, ṁic Amariah, ṁic Seṗatiah, ṁic Mahalaleel, do ċloinn Peres;
Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.