An sin táinic Dáiḃi go Nob go Haċimeleċ an sagart: agus do ḃí eagla ar Aċimeleċ ag teagṁáil re Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuil tú a táonar, gan éanduine ad ḟoċair?
Agus a duḃairt Dáiḃi re Haċimeleċ an sagart, Do aiṫin an ríġ gnoṫuiġ ḋíom, agus a duḃairt sé riom, Ná bíoḋ fios éainniṫe don naḋḃar fá ḃfuilim dot ċur, agus aiṫniġim ḋíot na bióḋ a ḟios ag éanduine: agus do ċuir mé mo ṡearḃḟoġantuiġe don náitse, agus don náit úd óile.
Agus do ḃúail sé Nob, caṫair na sagart, le fáoḃar an ċloiḋiṁ, éidir ḟear agus ṁnáoi, leanaṁ agus náoiḋeanán, agus eidir ḋaṁuiḃ, agus assaluiḃ, agus ċaorċaiḃ, le fáoḃar an ċloiḋiṁ.