30 Sanoah, Adullam, agus iona mbailtiḃ, a Laċis, agus iona maċairiḃ sin, ann Asecah, agus iona baíltiḃ. Agus do áitiġeadar ó Ḃeerseba go gleann Hinnom.
Agus do éiriġ Abraham súas go moċ ar maidin, agus do ġlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do ċuir ar a gualuinn é, agus an leanaṁ, agus do ċuir ar siuḃal í: agus do imṫiġ sí, agus do ḃi ar fud ḟásuiġ Ḃeerséba.
Agus do ṫruáilliġ sé Toṗet, noċ atá a ngleann ċloinne Hinnom, iondus naċ buḋ ḟéidir lé héanduine a ṫaḃairt air a ṁac nó ar á inġin ḋul ṫríd an tteine go Moleċ.
Do leasuiġ Hanum, agus áitreaḃniġ Ṡanoa geata an ġleanna; do ċuireadar súas é, agus do ṡuiġeadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa, agus míle cuḃad air an mballa go nuige geata a naóiliġ.
Agus do rinneadar áite árda Ḃaal, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do ṫaḃairt air a macaiḃ, agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine do Ṁoloċ; noċ nar aiṫin misi ḋíoḃ, ní mó ṫáinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ġráineaṁlaċtso, taḃairt ar Iúdah peacuġaḋ.
Agus do ċúaiḋ an téora súas ag gleann ṁac Hinnom don taóiḃ ó ḋeas don Iebusíteaċ; sé sin féin Ierusalem: agus do ċuáiḋ an téora súas go mullaċ an tsléiḃe atá as coinne ġlinn Hinnom táoḃ ṡíar, noċ atá ag éadan ġlinne na naiṫeaċ huḋ ṫuáiġ:
Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléiḃe atá as coinne ġlinn ṁic Hinnom, agus noċ atá a ngleann na naiṫeaċ buḋ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ sios go gleann Hinnom, go táoḃ Iebusi buḋ ḋeas, agus do ċuáiḋ síos go Henrogel,