2 Agus do ḃeannuiġ an pobal na daóine uíle, do ṫairg íad feín go huṁal do ċoṁnuiġe ann Ierusalem.
Anois do ḃí an ċaṫair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireaḋ na tiġṫe súas.
Do ṫigeaḋ beannaċd an té do ḃí réiḋ ċum báis orum: agus do ṫógḃuinn croiḋe na baintreaḃuiġ ċum aḃrán do gaḃáil lé lúaṫġáir.
Mun ar ḃeannuiġeadar a leasraċ mé, agus mun ar téiġeaḋ é lé lomraḋ mo ċáoraċ;
Bíaid do ḋaóine ro ḟonnṁar a ló do ċuṁaċda, a sgéiṁ náoṁṫaċda ó ḃroinn na maidne: biáiḋ agadsa drúċt hoige.
Guiḋiḋ ar son síoṫċána Ierúsalem: bídis a síoṫċáin noċ ler bionṁuin ṫú.
Ar gaċ uile ċor do ḃéara tú a ġeall dó a nuáir ṫéid an ġrían faoi, ċor go bféadfa codlaḋ iona éadaċ féin, agus beannoċuiḋ sé ṫusa: agus biáiḋ so na ḟiréantaċd duit a laṫair an ṪIĠEARNA Dé.
Atá dúil mo ċroiḋe a núaċdaránuiḃ Israel, noċ do ṫoirḃir íad féin go toileaṁuil a measg an ṗobail. Beannuiġi si an TIĠEARNA.