19 Mar an ccéadna fós na doirseóiriġ, Accub, Talmon, agus a ndearḃráiṫre noċ ċoiṁéad na geataḋa, do ḃádar céad seaċtṁoġad agus días.
Mar sin ṫangadar agus do ġoireadar ar ḋoírseóir na caíṫreaċ: agus do innisiodar ḋóiḃ, ḋa ráḋ, Ṫangamairne go campa na Siriannaċ, agus, féuċ, ní raiḃ duine annsin, nó guṫ duine, aċd eiċ ċeangailte, agus assail ċeangailte, agus na cábáin mar do ḃádar.
Na Leḃitíġ uile annsá ċaṫruiġ náoṁṫa do ḃádar ḋá ċéad ceiṫre fiṫċid agus ceaṫrar.
¶ Agus an ċuid óile do Israel, do na sagartuiḃ, agus do na Leḃítiḃ, do ḃádar a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah uile, gaċ aon iona oiġreaċt féin.
Dob íad Mattaniah, agus Bacbuciah, Obadiah, Messullam, Talmon, Accub, bá doirseóiriġ ag coiṁead na faire ag tairseaċaiḃ na ngeataḋ.
Na doirseóriġ: clann Ṡallum, clann Ater, clann Ṫalmon, clann Accub, clann Hatita, clann Ṡobai, céad tríoċad agus oċtar,
Oír is féarr lá ann do ċúirtiḃsi ná míle. Do bféarr leam ḃeiṫ am ḋoirseóir a ttiġ Dé, ná ḃeiṫ am ċoṁnuiḋe a bpáilliún an ċiontuiġ.