Mar sin do háirṁeaḋ Israel uile na nginealaċaiḃ; agus, féuċ, do ḃádar scríoḃṫa a leaḃar ríoġ Israel agus Iúdah, noċ do rugaḋ a mbruid don Ḃabilon ar son a bpeacuiḋ.
Agus, féuċuiḋ, atá Amariah an tárdsagart ós ḃur ccionn a nuile ċúiseannuiḃ an TIĠEARNA; agus Sebadiah ṁac Ismael riaġluiḋeóir ṫiġe Iúdah, ar son uile ċúiseann an ríġ: béid na Leḃitiġ fós na noifigeaċaiḃ re ḃur naġaiḋ. Déanuiḋ go curata, agus biaiḋ an TIĠEARNA maille ris an ṁaiṫ.
Agus Iehiel, agus Asasiah, agus Nahat, agus Asahel, agus Ierimot, agus Iosabad, agus Eliel, agus Ismaċiah, agus Mahat, agus Benaiah, do buḋ feiṫṁeóiriġ íad fáoi láiṁ Ċononiah agus Ṡimei a ḋearḃraṫair, ar aiṫne an ríġ Heseciah, agus Asariah úaċdarán ṫiġe Dé.
Agus a ndearb ráiṫre noċ do rinne obair an tiġe do buḋ oċt ccéad fiṫċe agus días íad: agus Adaiah ṁac Ieroham, ṁic Pelaliah, ṁic Amsi, ṁic Seċariah, ṁic Passur, ṁic Malċiah.
Agus buḋ é Eleásar mac Aáron an sagart ḃías na ċeann ós cionn na druinge airde do na Leḃítiḃ, agus is aige ḃias feiṫeaṁ ós cionn an luċd ċoiméadas cúram na sanctora.
Agus ar gclós na mbríaṫarsa do nárdṡagart agus dúaċdarán an teampuill agus dúaċdaránaiḃ na sagart, do ḃí conntaḃairt aca na dtimpċeallsan créud do ṫiocfaḋ as so.