Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 10:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus go ttiuḃraimís primidil ar ttaóis, agus ar nofrála, agus toraḋ a nuile ṡórt crann, dfíon agus dola, ċum na sagart, go séomraḋuiḃ ṫiġe ar Ndé; agus deaċṁaḋa ar ḃfearuinn do na Leḃitiḃ, ċor go ḃfuiġedís na Leḃitiġ sin deaċṁaḋa ann uíle ċaiṫreaċuiḃ ar ttreaḃṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 10:37
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a ttáoḃ ċloinne Israel agus Iúdah, do ċoṁnuiḋ a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, ṫugadarsan fos a steaċ deaċṁaḋ daṁ agus cáoraċ, agus deaċṁaḋ neiṫeann náoṁṫa noċ do coisreagaḋ da TTIĠEARNA Día, agus do ċuireadar íad ar muin a ċéile na ccrúaċaiḃ.


¶ Agus do ṫuig mé naċ ttug ṫaoi cuid ronna na Leḃíteaċ ḋóiḃ: óir na Leḃítiġ agus an luċd ceóil do rinne a nobair, do ṫeiṫeadar gaċ áon aca dá ṁaċaire féin.


Ann sin ṫúg Iúdah uile deaċṁaḋ a narḃa agus a nfíona nuáiḋ agus na hola gus na stórúisuiḃ.


Agus do ġléus sé seomra mór ḋó, mar a ccuirdís roiṁe a namsin biaḋ na nofrálaċ bíḋ, an túis, agus na soiṫiġe, agus deaċṁaḋa a narḃa, a nfíona nuáiḋ, agus na hola, noċ do hórduiġeaḋ do na Leḃítiḃ, don luċt ceóil, agus do na doirseóiriġiḃ; agus ofrála na sagart.


Anusin ṫug mé aiṫne, agus do ġlanadarsan na séomraḋa: agus ṫug misi a rís annsin soiṫiġe ṫiġe Dé, maille ris a nofráil bíḋ agus an ttúis.


Go ccuirfe tú ar leiṫ don TIĠEARNA a nuile ġein osclus an ḃrú, agus a nuile ċéadṫuismeaḋ ṫig ó ḃeaṫaċ noċ is leaċtsa; na firionnuiġ is leis anTTIĠEARNA.


Coisrig ḋaṁsa gaċ én ċédġin, giḋ bé ar biṫ ḟoisceolus an ḃrú a measc ċloinne Israel, idir ḋine agus ḃeaṫaċ: is liomsa é.


Do ḃéurṫáoi a maċ as ḃur ttiġtiḃ ḋá ḃuilín craiṫte do ḋá ḋeáċṁaḋ cuid: do ṗlúr min ḃéid síad; bácalfuiġear maille re laiḃin íad; atáid siad na ccéadṫoraḋ don TIĠEARNA.


Tugaiḋ an deaċṁaḋ uile go tiġ a nionnṁuis, le mbí biáḋ ann mo ṫiġse, agus dearḃuiḋ a nois le so mé, a deir TIĠEARNA na slóġ, muna noscla mé fuinneóga neiṁe ḋíḃ, agus beannuġaḋ do ḋórtuġaḋ ċugaiḃ amaċ, iondus naċ bía áit go lór.


¶ An sladfa duine Día? giḋeaḋ do ṡladaḃairsi misi. Aċt a dearṫáoi, Cred ionar ṡladamar ṫú? A ndeaċṁaḋuiḃ agus a nofraluiḃ.


A nuile ní ḟosclas an ḃrú annsa nuile ḟeóil, noċ ḃeirid síad ċum an TIĠEARNA, mus do ḋáoiniḃ nó do ḃeaṫaċuiḃ, buḋ leaċtsa íad: giḋeaḋ céidġin an duine fuáisceola tú go deiṁín, agus céidḃreiṫ na mbeaṫaċ neaṁġlan fuáisceola tú.


Agus buḋ leaċtsa a ḃfeóil sin, aṁuil is léaċd an cliaṫán tonnaċ agus an slinnéun deas.


¶ Agus féuċ, ṫug mé do ċloinn Léḃi a nuile ḋeaċṁaḋ a Nisrael mar oíġreaċd arson a serḃise do níd, mar atá serḃís ṫabernacuil an ċoṁċruínniġ.


Oír má atáid na céadṫórrṫa náomṫa, atá an ċuid eile náoṁṫa mar an gcéudna: agus má atá an ḟréaṁ náoṁṫa, atáid na géuga leis.


¶ Do ḃéura tú úait go ceart an deaċṁaḋ dot uile ṡíol, noċ do ḃeir an taluṁ úaḋ gaċ a blíaḋain.


Céadṫoraḋ harḃair mar an ecéadna, agus ṫfíona, agus hola, agus primidil lomraiḋ do ċáoraċ, do ḃéura tú ḋó.


Go nglacfa tú don ċéadċuid do nuile ṫoraḋ na talṁun, noċ ḃainfeas tú dot ḟearann do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, agus cuirfe tú a mbascaéid é, agus raċa tú don náit ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ