Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 10:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Mar an ccéadna cédġin ar mac, agus ar náirnéise, (mar atá scríoḃṫa san dliġeaḋ), agus primidil ar nealḃaḋa agus ar ttréad, do ṫaḃairt go tiġ ar Ndé, ċum na sagart do ni miniostralaċt a ttiġ ar Ndé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 10:36
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus ar ball a ttáinic a naiṫne amaċ, ṫugadar clann Israel leó iomarcuiġ do ṗrimidil arḃa, fíoná, ola, agus meala, agus do uile ḃíseaċ a nfearuinn; agus deaċmaḋ gaċ uile neiṫe ṫugadar leo go lionṁar.


¶ Agus fa namsin do horduiġeaḋ drong ós cionn na séomraḋ do na hionnṁusuiḃ, do na hófraluiḃ, do na primidiliḃ, agus do na deaċṁaḋuiḃ, dá ccruinniuġaḋ ċuca as maċairiġiḃ na ccaiṫreaċ cuid ronna ḋlisdeanaċ do na sagartuiḃ agus do na Leḃítiḃ: óir do ġáirdíġ Iúdah ar son na sagart agus na Leḃíteaċ do ḃí ag feiṫioṁ.


Agus do ġléus sé seomra mór ḋó, mar a ccuirdís roiṁe a namsin biaḋ na nofrálaċ bíḋ, an túis, agus na soiṫiġe, agus deaċṁaḋa a narḃa, a nfíona nuáiḋ, agus na hola, noċ do hórduiġeaḋ do na Leḃítiḃ, don luċt ceóil, agus do na doirseóiriġiḃ; agus ofrála na sagart.


Coisrig ḋaṁsa gaċ én ċédġin, giḋ bé ar biṫ ḟoisceolus an ḃrú a measc ċloinne Israel, idir ḋine agus ḃeaṫaċ: is liomsa é.


An ċéad ċuid do ċéad ṫórṫuiḃ ṫfearuinn do ḃéura tú go tiġ an TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.


A nuile ní osclus an ḃrú is liomsa é; agus a nuile ṗrimidil a measc hairnéísi, más daṁ é na caóra, ḃiás firionn.


Tugaiḋ an deaċṁaḋ uile go tiġ a nionnṁuis, le mbí biáḋ ann mo ṫiġse, agus dearḃuiḋ a nois le so mé, a deir TIĠEARNA na slóġ, muna noscla mé fuinneóga neiṁe ḋíḃ, agus beannuġaḋ do ḋórtuġaḋ ċugaiḃ amaċ, iondus naċ bía áit go lór.


Do ċionn gar liom a nuile ċéidġin; óir an lá do ḃuáil mé an uile ċéidġin a gcríċ ná Hégipte do náonahuiḋ mé ḋaṁ féin a nuile ċéidġin an Israel, edir ḋuine agus ainṁiḋe: buḋ liomsa iad: is misi an TIĠEARNA.


Tugaḋ an tí ṫeaguisgṫear sa mbréiṫir don tí ṫeaguisgeas é roinn dá uile ṁaiṫeasuiḃ.


Agus is ann sin do ḃéurṫaói ḃur nofrála loiscṫe, agus ḃur nióḋbairt, agus ḃur ndeaċṁaḋ, agus ofráil ṫógṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide, agus ḃur nofrála toileaṁla, agus primidil ḃur nealḃann agus ḃur ttréud:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ