Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 10:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Do ċeangladar ré na ndearḃráiṫriḃ, a ndaóme uáisle, agus do ċuadar fa ṁalluġaḋ, agus fa ṁionnuiḃ, siuḃal a ndliġéaḋ De, noċ ṫug Maóise searḃḟoġantuiġ De úaḋ, agus do ċoiṁéud agus do ḋéanaṁ a nuile aiṫeanta an TIĠEARNA ar Ttiġearna, agus a ḃreiṫeaṁnusa, agus a reaċta;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 10:29
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt níor ċuír Iehu beann ar ṡiuḃail a ndliġeaḋ an TIĠEARNA Día Israel maille re na uile ċroiḋe: óir níor ḋealuiġ sé ré peacuiḋuiḃ Ieroboam, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.


¶ Agus do ṡeas an ríġ ag piléur, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, do ṡiuḃail a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta agus a ḟíaḋnuiseaḋa agus a reaċda do ċoiṁéud maille ré na nuile croiḋe agus re na nuile anum, ċum bríaṫra an ċunnarṫasa do ċoiṁlíonaḋ noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃarso. Agus do ṡeasadar an pobal uile air an ccunnraḋ.


¶ Anois na cead áitreaḃuiġ do ċoṁnuiġ iona sealḃuiḃ iona ccaiṫreaċaiḃ féin, do bíad na Hisraeltíġ, na sagairt, na Leḃitiġ, agus na Netinimiġ.


Agus do ṡeas an ríġ iona áit, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, siuḃal a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta do ċoiṁéad, agus a ḟiáḋnuiseaḋ, agus a reaċda, maille re na uile ċroiḋe, agus re na uilé anum, do ċoiṁlíonaḋ an ċunnarṫa atá scríoḃṫa san leaḃarsa.


Anois ar a naḋḃarsin, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁuill dot ṡearḃḟoġantuiġ maṫair Dáiḃi an ní do ġeall tú ḋó, ḋa ráḋ, Ní ḟailleoċuiḋ duine ṫú an mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaoir ríoġa Israel; aċt aṁáin go ttugaid do ċlann aire dá sliġe do ṡiuḃal ann mo ḋliġeaḋsa, mar do ṡiuḃail tusa am laṫair.


Agus do ġaḃ fearg misi ríu, agus do ṁalluiḋ mé íad, agus do ḃuáil mé cuid aca, agus do ṫarruing mé a ngrúaga, agus ṫug mé orra Día do ṫaḃairt mar ṁionnuiḃ, ġá ráḋ, Ní ṫiuḃarṫaói ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ní ġéuḃṫaói a ninġeana dá ḃur macaiḃ, nó ḋaóiḃ féin.


¶ Na Netinimiġ: clann Ṡiha, clann Hasuṗa, clann Ṫabaot,


Agus ṫug Esra an sagart an dliġeaḋ as coinne an ċoṁċruinniġ fear agus ban, an ṁéid lear ḃféidir a ċlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseaċtṁaḋ mí.


Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe.


Agus do ḋealuiḋ slioċd Israel íad féin ó gaċ uile ċoiṁíġṫeaċ, agus do ṡeasadar agus do adṁadar a bpeacuiġ, agus cionta a naiṫreaċ.


Agus da ḃríġ so uile do nímid cunnraḋ daingean, agus scríoḃṫam é; agus cuirfid ar bprionnsaḋa, ar Leḃítiġ, agus ar sagart séula air.


Iondus go ccongṁaidís a reaċda, agus go ccoiṁéadaidís a ḋliġṫe. Moluiḋesi an TIĠEARNA.


Ṫug mé mo ṁionna, agus coiṁlionfad sin, breiṫeaṁnuis ṫfíréantaċda do ċoṁall.


O A ṪIĠEARNA ar Ttiġearna, cred é a oirḋearca atá hainm annsa talaṁ uile! da ḃfoillsiġeann tú do ġlóir ós cionn na ḃflaiṫeas.


O a ṪIĠEARNA ar Ttiġearna, cred é a oirḋearceaḋ atá hainim annsa talaṁ uile!


Oir do ḋéana an TIĠEARNA trócaire ar Iácob, agus toiġfiḋ fós Israel, agus suiġeoċuiḋ íad iona ndúṫaiġ féin: agus ceangoltar an coiṁṫiḋeaċ ríu, agus druidfid síad re tiġ Iácob.


Agus a déara tú ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA; Muna núṁluiġṫí ḋaṁsa do ṡiuḃal ann mo ḋliġeaḋ, noċ do ċuir mé roṁuiḃ,


Agus do filleaḋ siḃsi anois, agus do rinneadar ceart ann mo raḋarcsa, a ḃfógra saóirse gaċ áonduine dá ċoṁarsoin; agus do rinneaḃair cunnraḋ dom laṫairsi annsa tiġ noċ goirṫear ann mainm:


Agus cuirfe mé mo spíorad ionnuiḃ a stiġ, agus do ḃéara mé oruiḃ siuḃal ann mo reaċtaiḃ, agus coiṁéadfuiḋe mo reaċta, agus do ḋéantaoi íad.


Agus beiṫí náoṁṫa ḋaṁsa: óir misi an TIĠEARNA a táim náoṁṫa, agus do ḋealuiġ mé siḃsi ó ḋáoiniḃ eile, ionnus gó mbeiṫí agum féin.


¶ Cuiṁniġiḋsi dliġeaḋ Ṁaóise mo ṡeirḃíseaċ, noċ do áiṫin mé ḋó ann Hóreb arson Israel uile, maille re reaċtaiḃ agus maille re breaṫaiḃ.


Ann sin cuirfiḋ an sagart do ċúram air an mnáoi maille re mionnuiḃ an ṁalluiġe, agus déara an sagart ris an mnaói, Go ndearna an TIĠEARNA malluġaḋ agus mionna ḋiót a measc do ṁuinntire, a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA ar do ṫairḃḟéiċ loḃaḋ, agus ar do ḃolg at;


Oír do tugaḋ an reaċ tré Ṁaoisi, aċd ṫáinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.


Is siḃsi mo ċáirdesi ma níṫí gaċ ní dá náiṫniġim ḋiḃ.


An ne náċ dtug Máoisi dliġeaḋ ḋíḃsi, agus ní ċoiṁlíonann áoinneaċ aguiḃ an dliġeaḋ? Créd fá a niárrṫáoi misi ṁarḃaḋ?


Agus ar dteaċd ḋó, agus ar ḃfaicsin ġrása Dé, do ġaḃ gáirdeaċus é, agus do ṫeaguisg sé íad uile, fá anṁuin a ḃfoċair an Tiġearna ré rún croiḋe.


Aċd cuid aca ag céangal ris, do ċreideadar: eidir a raiḃ Dionísius Areopagíta, agus bean dár ḃainm Damaris, agus dream eile maille ríu.


Uime sin na taḃuirsi áonta ḋóiḃ: oír atá ós cionn dá ḟiċead fear ḋíoḃ a luiġeaċán air noċ ṫug a mionna, naċ íosaidís agus naċ ióḃaidís nó go marḃaídís é: agus atáid síad ullaṁ a nois, ag feiṫeaṁ réd ġeallaḋsa.


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ.


Do aiṫin Maóise dliġeaḋ ḋínn, eaḋon oiġreaċd ċoṁċruinniġ Iácob


Agus do ġoir Maóise Israel uile, agus a duḃairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breiṫeaṁnuis noċ laḃruimsi ann ḃur ccluasuiḃ a niuġ, go ḃfoġlumṫáoi íad, agus go ccoiṁéadfáoi, agus go ndeantáoi íad.


Do ḃéarṫáoi dá ḃur naire ar a naḋḃarsin go ndeárntáoi mar do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ: ní ċasfuiḋe a leaṫṫáoiḃ ar ḃur láiṁ ḋeis nó ċlé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ