Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċt má ḟilltiġe ċugam, agus maiṫeanta do ċoiṁéad, agus a ndéanaṁ: dá mbeaḋ go tteilgfiḋe amaċ cuid aguiḃ gus an ccuid is sía uáiḃ do neaṁ, giḋeaḋ do ḃéara misi as sin íad, agus crumneoċa mé íad don náit do ṫoġ mé do ċur manma ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 1:9
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm:


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Do ċúala mé do ġuiḋe agus híarratus, noċ do rinne tú am ḟiaḋnuise: do ḃeannuiġ mé an tiġso, noċ do rinne tú, do ċur manma ann go bráṫ; agus béid mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann go síorruiḋe.


Agus abruiḋ siḃsi, Sáor sinn, a Ḋé ar slánuiġṫe, agus cruinniġ a ḃfoċair a ċéile sinn, agus sáor sinn ar na geintiḃ, ionnus go ttiuḃram buiḋeaċus dot ainm naoṁṫa, agus go ndéanam glóir ann do ṁolaḋ.


Agus go scriosuiġ an Día ṫug fa deara a ainm dáitiuġaḋ aunsin na huile riġṫe agus ṗobal, ċuirfios a láṁ daṫarraḋ agus do ṁill aḋ an tiġesi Dé atá ann Ierusalem. Misi Dárius do rinne an torduġaḋ; coiṁlíontar é go luáṫ.


Sáor sinn, a ṪIĠEARNA ar Ndía, agus cruinniġ sinn ó na cineaḋaċaiḃ, ċum buiḋeaċus do ṫaḃairt dot ainm náoṁṫa, agus do ċaiṫréimiuġaḋ ann do ṁolaḋ.


Agus do ċruinniġ íad as na críoċaiḃ, ó náird ṡoir, agus ó náird ṡíar, agus ó náird ṫuáiġ, agus ṫeas.


Foirgniġe an TIĠEARNA Ierusalem: cruinniġ sé a gceann a ċéile díbearṫoiġ Israel.


Agus cuirfiḋ sé brataċ súas do na cineaḋaċaiḃ, agus cruinneoċuiḋ spruḋar Israel, agus cruinneoċuiḋ sé a ḃfoċair a ċéile a mbiáiḋ spréidṫe do Iúdah ó ċeiṫre corruiḃ na talṁan.


¶ Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go mbuáilfiḋ an TIĠEARNA ó ġrinnioll an tsroṫa go caise na Hégipte, agus cruinneoċṫar siḃ áon air áon, siḃsi a ċlann Israel.


A deir an Tiġearna DIA, noċ ċruinniġeas díṫbearṫuiġ Israel, Cruinneoċa mé fós ċuige, táoḃ amuiġ don ṁéid atá cruinn aige.


Agus tiucfa a ccríċ, tar éis a ttairrngṫe amaċ ḋaṁ go ḃfillfiḋ mé, agus go mbía truáiġe agam ḋóiḃ, agus gottiuḃra mé a rís, gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ċum a oiġreaċta, agus gaċ áonduine ċum a ḋúiṫċe.


Filliḋ, a ċlann ṁioċoinġiollaċ; a deir an TIĠEARNA; óir atáimsi pósta riḃ: agus glacfa mé siḃ áon as caṫruiġ, agus días as muinntir, agus do ḃéara me siḃ go Sion:


Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċineaḋaċa, agus innisiġ é annsna hoiléanuiḃ imċíana, agus abraiḋ, An té do ḋíoṫscaóil Israel cruinneoċuiḋ sé é, agus cuiṁdeoċuiḋ é, aṁuil mar do ní an táoḋaire a ṫréad.


Féuċ, cruinneoċa mé íad amaċ as na huile ṫíorṫa, ann ar ḋíbir mé íad ann mfeirg, agus ann mainteas, agus a ndioġaltas mór; agus do ḃéara mé a rís don náitsi íad, agus do ḃéara mé orra coṁnuiḋe go suáiṁneaċ:


Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, tíucfuid daóine ón tír ṫuáiġ, agus tóigfiġear cineaḋ mór as táoḃuiḃ na talṁan.


¶ Uimesin abair ré tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Déanuiġ aiṫriġe, agus iompóiġiḋ siḃ féin ó ḃur nioḋaluiḃ; agus filliḋ ḃur naiġṫe ó ḃur nuile ġráineaṁlaċtaiḃ.


Oír do ḃéara mé as measc na ngeinteaḋ siḃ, agus cruinneoċa mé ó nuile ṫír siḃ, agus do ḃéara mé da ḃur ttír féin siḃ.


¶ Má ṡíuḃluiġṫí ann mo statúidiḃ, agus maiṫeanta do ċoiṁéud agus a ndéanaṁ;


Is marso a deir an TIĠEARNA na slóġ; Féuċ, tárṫoċa mé mo ḋaóine ón ttír ṡoir, agus ón ttír ṡíar;


Agus cuirfiḋ sé a aingil le trompa agus lé guṫ mór, agus cruinneoċuid síad a ḋáoine toġṫasan ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal neiṁe go soiṫe an leiṫimeal eile ḋe.


Má ḃíonn a náit do ṫoġ an TIĠEARNA do ċur a anma féin ann, a ḃfad úait, annsin muirfiḋ tú dot ealḃa agus dot ṫréud, noċ ṫug an TIĠEARNA ḋuit, mar do aiṫin misi ḋíot, agus íosa tú ann do ḋoirsiḃ féin giḋ bé ní iona mbía dúil ag hanum.


Aċ ċum na háite ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía amaċ as ḃur ttreaḃuiḃ uile do ċur a anma ann, eaḋon dá ionad ċoṁnuiġe iarrfuiḋesi dul, agus is ann ṫiocfuiḋe:


Agus tiucfa a gcríċ, a nuáir ṫiucfaid na neiṫesi uile ort, an beannuġaḋ agus an malluġaḋ, noċ do ċuir misi as do ċoinne, agus ċuiṁneoċus tú orra a measg na nuile ċríoċ, ċum ar ḋíbir do ṪIĠEARNA Día ṫú,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ