Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Nehemia 1:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Nehemia 1:4
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin do ġuiḋ Dáiḃi Día fá an leanaṁ; agus do ṫroisg Dáiḃi, agus do ċuáiḋ a steaċ, agus do luiḋ feaḋ na hoiḋċe ar an talaṁ.


Do ḃriġ go raiḃ do ċroiḋe máoṫ, agus gur uṁluiġ tú ṫú féin a laṫair an TIĠEARNA, a nuáir do ċúala tú cred do laḃair misi a naġaiḋ na háitesi, agus a naġáiḋ a haitreaḃaċ, go mbéidis na ḃfásaċ agus na mallaċduin, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am ḟíaḋnuise; do ċúala misi mar an gcéadna ṫú, a deir an TIĠEARNA.


(Oír do rinne Solaṁ scafal práis, do ċúig cuḃaid ar fad, agus cúig cuḃaid ar leiṫead, agus trí cuḃaid ar áirde, agus do ċuir a lár na cúirte é: agus is air sin do ṡeas sé, agus do leíg a ġlúine fáoi as coinne ċoṁċruinniġ Israel uile, agus do leaṫnuiġ sé a láṁa amaċ leaṫ re neaṁ,)


Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe ḋaṁsa uile rioġaċta na talṁan; agus do ċur sé do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋó ann Ierusalem, noċ atá an Iúdah.


Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar.


Agus a núair do ċúala misi an nísi, do ḃris mé méadaċ agus mfalluing, agus do ṫarruing mé grúag mo ċinn agus mféusóige, agus do ṡúiġ mé siós ar líṫiuġaḋ.


¶ Agus ag íoḋbuirt an tráṫnóna déiriġ mé súas as mo ḋóḃrón; agus íar mbriseaḋ méaduiġ agus mfalluinge ḋaṁ, do léig mé ar mo ġlúiniḃ mé, agus do leaṫnuiġ mé mo láṁa amaċ ċum mo ṪIĠEARNA Dé.


Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


Ionnus go mbía eagla air na geintiḃ roiṁe ainm an TIĠEARNA, agus air uile ríġṫiḃ na talṁan roiṁe do ġlóir.


Moluiḋ Día niṁe: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Laiṁ ré sroṫaiḃ Ḃabilón, ann sin do ṡuiġeamar, do ġuileamar, fós, mar do ċuiṁniġeamar Síon.


Annsna laéṫiḃsin do ḃí misi Dániel ag doilġios trí seaċdṁuine iomlána.


Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.


¶ Agus do ċuir mé maġaiḋ air an Tiġearna DIA, dá íarruiḋ le hurnuiġ agus lé gearánuiḃ, maille re trosgaḋ, agus le saicéadaċ, agus lé luáiṫreaḋ.


Agus a duḃairt seision ríu, Eaḃraḋaċ mé; agus atá eagla an TIĠEARNA, Día neiṁe orum, noċ do rinne a nfairge agus an talaṁ tirim.


Cruinneoċa mé an drong atá dóbrónaċ ar son an ċoiṁṫionoil ṡollamonta, noċ atá ḋíotsa, dá raiḃ a ṁasla na úalaċ.


Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ