Aṁuil corr nó áinléog, is marsin do ċanráin mé: dosnuiġ mé mar ċolum: do ḃadar mo ṡúile, tógṫa suas a náirde: a ṪIĠEARNA, atáim ar mo ṡáruġaḋ; gaḃ do láiṁ mé.
Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.
Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag ráḋ, A sé an cupánsa an tiomna núaḋ trém ḟuilse: déunaiḋ so, ḋá ṁioncaċd íḃṫi é, mar ċoiṁniuġaḋ oramsa.
An tan a déir sé, An connraḋ núaḋ, do ċuir sé an seanċonnraḋ a neimbríġ. Agus an ní atá ar na ċur a neimbríġ agus atá sean as fogus dó ḃeiṫ ar dtéurnóġ.