Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 7:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Oir an Melċisedecsa rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, ṫarrla sé Dábraham ar mbéiṫ ḋó ag filleaḋ air ais ó ár na ríġṫeaḋ, agus do ḃeannuiġ sé é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir an Melcisedec so, rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, do ṫeagṁuiġ sé le hAbraċaim ag filleaḋ ar ais dó ó ár na ríoġ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 7:1
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Eíġfe mé ċum Dé is ro áirde; ċum an Dé noċ ċoiṁlíonus a nuile ní ḋaṁsa.


Agus a Sálem atá a ṗáilliún, agus a ionad coṁnuiḋ a Síon.


Agus do ċuiṁniġeadar gur bé Día a ccarruic, agus an Día láidir a ḃfúascaltóir.


Giḋeaḋ do ċuireadar caṫuġaḋ agus do ḃrostuiġeadar an Día is ro áirde, agus níor ċongṁadar a ḟíaḋnuisiġ:


Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Agus do díoṫċuireaḋ é ó ṁacaiḃ na ndaóine; agus do rinneaḋ a ċroiḋe cosṁuil ris na beaṫaċaiḃ, agus do ḃí a ċoṁnuiḋe a ḃfoċair na nassal ḃfíaḋta: do ḃíaṫadar é lé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe; nó gur ṫuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaġlas a rioġaċd na ndaóine, agus go nórduiġionn sé ós a ccionn an té is áill leis.


¶ Cioḋ le ttiucfa mé a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, agus lé ccláonfad mé féin a laṫair an Dé aird? an ttiucfa mé dá laṫair le hofráluiḃ loisge, le gaṁnuiḃ do ḃlíaḋain dáois?


Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.


Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éiġ sí, ag ráḋ, Is seirḃísiġ don Día ro árd na dáoinesi, moċ ṡoisgéulas dáoiḃ sliġe na sláinte.


Sa náit a ndeaċuiḋ an céidreaṫuiġe air ar soinne, eaḋon Iósa, dá ndearnaḋ árdsagart síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec.


Agus tug Abraham deaċṁuiġ na nuile neiṫeann dó; noċ dá ngoirṫear ar tús ar na eidirṁíniuġaḋ Rí na fíréuntaċda, agus na ḋiáiġ sin mar an gcéudna, Rí Ṡálem, eaḋon, Rí na sioṫċána;


Gan aṫair, gan ṁáṫaír, gan ċineaḋ, gan tosaċ laeṫeaḋ, ná deireaḋ beaṫa aige; aċd ar na ċur a gcosaṁlaċd Ṁic Dé; fanuiġ sé na ṡagart go síorruiḋe.


Aċd an tí naċ áirṁiġṫear a ḃeiṫ déinċineaḋ ríusan do ġlac sé deaċṁuiġ ó Abraham, agus do ḃeannuiġ sé an tí agá raḃadar na geallaṁnaċa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ