Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 5:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 5:7
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír níor ṫarcuisniġ agus níor ḟuáiṫiġ sé aindese an duine ḃoiċd; agus níor ḟoluiġ a aġuiḋ uaḋa; agus a nuáir do ġoir sé air, do ċaluáiḋ sé.


Saor mé, a Ḋé; óir ṫangadar na huisgeaḋa go nuige manam.


A ṪIĠEARNA a Ḋé mo ṡlánuiġṫe, do ġoir mé do ló agus doiḋċe air haġaiḋ:


Is marso a deir an TIĠEARNA, Ar an deaġuáir do ċúala mé ṫú, agus a ló an tslánuiġṫe do ċoḃruiġ mé ṫú: agus cuiṁdeoċa mé ṫú, agus do ḃéara mé ṫú mar ċunnraḋ don ṗobal, do ḋaingniuġaḋ na talṁan, do ġaḃáil oiġreaċda na noiġreaċd nuáigneaċ;


Do ċífiḋ sé do ṡáoṫar anma, agus biáiḋ sé sásta: lé na éolus ṡáorfas mo ṡeirḃíseaċ fíréanta mórán; óir iomċoruiḋ sé a ccionta.


Atá sé ar na ṫarcuisniúġaḋ, agus ar na ṁíṁeas ag na daóiniḃ; duine doilġiosaċ, agus éolaċ ar ḋóbrón: agus foileoċamaoidne mur buḋ eaḋ ar naiġṫe úaḋ; do tarcuisniġeaḋ é, agus ní raiḃ meas aguinn air.


Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:


Agus timċeall an náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ ard, ag ráḋ, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re ráḋ, Mo Ḋía, mo Ḋiá, créd far ṫréig tú mé?


Agus ar néiġeaṁ a rís Díosa, do ġuṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as.


Agus ann sa náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ árd, ag ráḋ, Eloi, Eloi, lámá sabaċtáni? a se sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mo Ḋía, mo Ḋía, créd fár ṫréig tú mé?


Agus ag éiġṁe Díosa do ġúṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as.


Agus ar néiġeaṁ Díosa do ġúṫ ṁór, a duḃairt sé, A Aṫair, táoḃam mo spiorad ann do laṁaiḃsi: agus an tan a duḃarit sé na neiṫesi, do ċúaiḋ a spiorad ás.


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Agus atá a ḋeiṁin agam go gcluin tú mé do ġnáṫ: aċd ar son an ṗobail atá na seasaṁ am ṫimċeall a duḃairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa ċuir uáit mé.


Do laḃair Iósa na neiṫesi, agus ag tógḃáil a ṡúl ċum neime ḋó a duḃairt sé, A Aṫair ṫáinig a nuáir, taḃair glóir dod Ṁac féin, ionnus dtíuḃraḋ do Ṁac glóir ḋuitse mar an gcéadna:


Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:


Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd,


Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.


An toil ré a ḃfuilmídne air ar ndéunaṁ náoṁṫa tré íoḋbairt ċúirp Iósa Críosd éunuáir aṁáin.


Uime sin ag teaċd dó ċum a tsáoġáil, a deir sé, Níor ḃáil leaċd ioḋbairt ná ofráil, aċd do ċum tú corp ḋaṁsa:


As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.


Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:


Agus Día na síoṫċana, tug air ais ó ṁarḃuiḃ an Tíġearna Iósa, árdáoḋaire na gcáoraċ, tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorruiḋe,


Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ġaḃ seision mar an gcéudna a ċuid díoḃ sin ċuige; ċum an tí agá ḃfuil cúṁaċd an ḃáis, éaḋon an díaḃal, dionnarbaḋ ḋó tré ḃás;


Aċd gaċ Sbíoruid naċ adṁuiġeann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Ḋía atá sé: aċd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalaḃair iomráḋ go dtiucfaḋ sé; agus atá sé a nois ċeana sa doṁan.


Oír is iomḋa mealltóir ṫáinic a steaċ sa dóṁan, naċ adṁuiġeann Iósa Críosd do ṫeaċd a gcoluinn. Gíḋ bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ