Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 5:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Oír siḃse dár ċóir ḃeiṫ ḃur luċd teaguisg do réir aimsire, as riaċdanus dáoiḃ a rís sinne ḃir dteagusg a gcéudṫosuiġiḃ ḃréiṫre Dé; agus tárrla ḋiḃ beiṫ sa ríoċdsin gur mó atá bainne duireasḃuiḋ oruiḃ, na bíaḋ láidir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Óir nuair ba ċeart daoiḃ fá’n am so ḃeiṫ ’n‐ḃur múinteoiriḃ, is aṁlaiḋ atá gáḃaḋ agaiḃ le duine do ṁúinfeaḋ céad‐riaġlaċa briaṫair Dé ḋaoiḃ; agus atá siḃ i rioċt daoine gur mó atá bainne d’uireasbaiḋ oraiḃ’ ná biaḋ tacaṁail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 5:12
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí coṁairle Aċitoṗel, noċ do ḃeireaḋ sé uaḋ annsna laeṫiḃ sin, aṁuil mar do ḟíafroċaḋ duine briaṫar Dé: mar sin do ḃí coṁairle Aċitoṗel uile aráon ag Dáiḃi agus ag Absolon.


Oír dullṁuiġ Esra a ċroiḋe díarruiḋ dliġe an TIĠEARNA, agus dá ḋéanaṁ, agus do ṫeagasc reaċda agus ḃreiṫeaṁnus ann Israel.


Tigiḋ, a ċlann, éistiġ riomsa: teagaisgfead eagla an TIĠEARNA ḋiḃ.


Aċt do bé focal an TIĠEARNA ríu aiṫne air aiṫne, aiṫne air aiṫne; líne air líne, líne air líne; annso beagán, agus annsúd beagán; ċor go nimeoċaidís, agus go ttiucfaidís ar a nais, agus go mbeidís briste, agus ar na bpaintéuraḋ, agus gaḃṫa.


Ho, tigeaḋ gaċ uile ḋuine tartṁar, ċum na nuisgeaḋ, agus an té ag naċ ḃfuil airgiod; tigiḋse, ceannċuiḋ, agus iṫiḋ, tigiḋ, fós, ceannċaiḋ fíon agus bainne gan airgiod agus gan lúaċ.


Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé, A ċineaḋ dóṫeaguisg gan ċreideaṁ, gá fad fós ḃías mé ḃur ḃfoċair? gá fad fos ḟuiléongas mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa ann so é.


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é.


Sé so an té do ḃí sa gcóiṁṫionól ar an ḃfásaċ a ḃfoċair a naingil do laḃair ris ar ṡlíaḃ Sína, agus ré ar naiṫriḃne: noċ do ġlac mar an gcéudna briaṫra na beaṫa ċum a dtaḃarṫa ḋúinne:


Is mór é ar gaċ áonċor: a ċéadúair, do ḃríġ gur ríusan do ṫáoḃaḋ ḃríaṫra Dé.


Giḋeaḋ do bfearr leam cúig focail maille rém ṫuiġsi do laḃairt sa neagluis, ċum daóineaḋ eile do ṫeaguisg mar an gcéudna, na deiċ míle focal a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe.


A ḋearḃráiṫreaċa, na biġiḋ ḃur leanbuiḃ a dtuigsi: aċd a dtáoḃ ḋroċṁéine biġiḋ ḃur leanbuiḃ, giḋeaḋ a dtúigse biġiḋ foirfe.


As mar an gcéudna sinne, an tan do ḃámar ar leanbuiḃ, do ḃámar a ndáoirse fáoi ċeadṫosuiġiḃ an tsáoġail:


Tuilleaḋ eile, a ḋearḃraiṫre, déunuiḋ gáirdeaċas sa Dtíġearna. Go deiṁin ní léisg leam na neiṫer céudna do sgríoḃaḋ ċuguiḃ, agus as ní saḃálta ḋíḃse é.


Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.


Bíoḋ aṫċoiṁne aguiḃ a rís ar na laeṫiḃ do ċuáiḋ ṫoruiḃ, ann a raḃaḃair tar éis ḃur soillsiġe ag fulang ṫroda móire a ṁuáiḋearṫuiḃ;


Ar a ḃfuil mórán aguinn re a laḃairt, do neiṫiḃ atá dóċurṫa amaċ, do ḃríġ go ḃfuil muill éisdeaċda oruiḃse.


Oír gaċ áon ċleaċdas bainne atá sé neaṁíulṁar a mbréiṫir na fíréuntaċda: (óir is náoiḋe é.)


Uime sin ar léigean ṫoruinn dúinn ṫeaguisg ċéudṫosuiġeaḋ Ċríosd, tigeam air ar naġuiḋ ċum ḃeiṫ diongṁálta; gan ḃeiṫ dúinn a rís ag cur ḟonndameint na haiṫriġe ó oibreaċuiḃ marḃa, agus ċréidṁe a dtáóḃ Dé,


Mar naóiḋeanuiḃ núaiḋḃearṫa, bíoḋ fonn aguiḃ a mbainne ḟíorġlan na bréiṫre, ċum ḃeiṫ ḋíḃ ag fás ris:


Má laḃrann éanneaċ, láḃraḋ mar ḃríáṫra Dé; má ní éainneaċ miniosdrálaċd, déunaḋ í réir na hacfuinne ḃeir Día úaḋ: ionnus go ḃfuiġe Díá glóir sna huile neiṫiḃ tré Iósa Críosd; agá ḃfuil glóir agus cuṁaċda go sáoġal na sáoġal. Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ