Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.
Uime sin bioḋ faitċeas oruinn, deagla, ar dtréigean na geallaṁna uáir ár biṫ ré ḋul a steaċ na ṡuáiṁnios, go measfuiḋ áoinneaċ aguiḃse ḃeiṫ air fágḃáil.
(Oir téiġemidne an dream ċreideas a steaċ sa tsuáiṁnios,) do réir mar a duḃairt sé, Ar a naḋḃarsin tug mé mo ṁionna um ḟeirg, naċ raċuid síadsan a steaċ am ṡuáíṁnios: bíoḋ gur críoċnuiġeaḋ na hoibreaċa ó ṫús an dóṁuin.
Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.
Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.