Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 4:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 (Oir téiġemidne an dream ċreideas a steaċ sa tsuáiṁnios,) do réir mar a duḃairt sé, Ar a naḋḃarsin tug mé mo ṁionna um ḟeirg, naċ raċuid síadsan a steaċ am ṡuáíṁnios: bíoḋ gur críoċnuiġeaḋ na hoibreaċa ó ṫús an dóṁuin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir sinne do ċreid téiġmíd isteaċ san tsuaiṁneas sin: fá mar duḃairt sé, Mar ṁionnuiġeas im’ ḋíḃeirg, Ní raċaiḋ siad isteaċ im’ ṡuaiṁneas: bíoḋ go raiḃ na h‐oibreaċa críoċnuiġṫe ó ṫosaċ an doṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 4:3
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċonnairc Día gaċ áoinní dá ndéarna sé, agus, féuċ, do ḃí go roṁaiṫ: agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an seiseaḋ lá.


Dar ṁionnuiġios ann mfeirg, naċ raċaidís a steaċ dom ṡuaiṁneas.


Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é.


Ré ndúḃairt sé, Isé so an socoṁal lé a ttiuḃarṫaói suáiṁneas don duine ċoirṫe; agus isé so an súaiṁneas: giḋeaḋ níor ḃáill léo a ċlós.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.


Agus scagfa mé amaċ as ḃur measc na ceannairgṫíġ, agus an dream ṡáruiġios am aġuiḋ: do ḃéara mé amaċ as an ttír íad mar a ṁéid ar cuáirt, agus ní raċfuid a steaċ a ttír Israel: agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA.


Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ leis an ḃfáiḋ, a deir, Oisgéoluiḋ mé mo ḃéul tré ċosaṁlaċdaiḃ; noċdfuiḋ me neiṫer a tá foluiġṫe ó ṫosaċ an doṁain.


Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:


Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ:


Ionnus go dtug mé mionna um ḟeirg, Náċ raċdáois a steaċ am ṡuáiṁnios.


Oír atá ar gcuid do Ċríosd aguinn, má ċongṁamáoid go diongṁálta céudṫosaċ ar muiniġine go teaċd don ċriċ ḋeiġeanuiḋ;


(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó ṫús an doṁáin: aċd a nois do foillsiġeaḋ é éun uáir aṁáin a ndeireaḋ an tsáoġail, ċum an ṗeacuiḋ sgrios tré na ioḋbairt féin.


Noċ do hórduiġeaḋ roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁain, aċd do foillsiġeaḋ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa ar ḃur sonsa,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ