Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris.
Oír a duḃairt Dáiḃi féin tríd an Spíorad Náoṁ, A duḃairt an TIĠEARNA rém Ṫiġearnasa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, no go gcuire mé do náṁaid na sdól fád ċosuiḃ.
Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann.
Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.
A ḋaoine agus a ḃráiṫreaċa, dob éigin an sgrioptúrso a ċoiṁliónaḋ, noċ do réaṁráḋ an Spíorad Náoṁ tré ḃéul Ḋaiḃí a dtimċeall Iúdais, noċ do ḃí na éoluiġe ag an muinntir do ġaḃ Iósa.
Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ contrárḋa ḋá ċéile, do sgáoileadar as sin, ar ráḋ na héinḃréiṫresi do Ṗól, Is maiṫ do laḃair an Spiorad Náoṁ tré san ḃfaiḋ Esaías ré ar naiṫreaċaiḃne,
(Orduiġe sé a rís, lá airiġe, ag ráḋ a Ndáiḃi, A niúġ, a ndiáiġ a coṁḟad sin daimsir; (mar a duḃraḋ,) A niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, ná crúaiḋiġe ḃur gcroíḋṫe.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.