Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd do ċímid Iósa, ar ḃfáġáil ċoróine glóire agus onóra, noċ do rinneaḋ feaḋ sealuid ḃig ní sa ísle ná na haingil tré ḟulang an ḃáis; ionnas go mblaisfeaḋ sé tré ġrás Dé bás ar son gaċ áoin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 2:9
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ:


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid do luċd a tá na seasaṁ ann so, naċ blaisfiḋ bás, no go ḃfaicid Mac an duine ag teaċd ann a rioġaċd féin.


Agus créud fa a ḃfuiltí roċúramaċ a ttimċeall ḃur gculaḋ? Foġlomaiḋ cionnas ḟásaid liliġe an ṁaċaire; ní ḋéunaid síad saóṫar, agus ní ṡníoṁaid síad:


Agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid dá ḃfuil na seasaṁ ann so do laṫair, naċ blaisdi bás, no go ḃfaicid síad ríoġaċd Dé ag teaċd maille ré cuṁaċduiḃ.


Agus a déirim riḃ go firinneaċ, Go ḃfuilid cuid don ṁuintir ata á láṫair ann so, naċ blaisfiḋ bás, nó go ḃfaicfid rioġaċd Dé.


An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Ar a naḋḃarso ġráḋuiġeas Maṫair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do ċum go nglacfuinn é arís.


Agus misi, má ṫóġṫar súas ón talaṁ mé, tairéongaiḋ mé a nuile ḋuine ċugam féin.


Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ċoiṁéudfas mo ḃríaṫarsa, ní ḟaicfi sé bás go siorruiḋe.


Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iúduiḋe ris, Aiṫnimíd a nois go ḃfuil an díaḃal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáiḋe bás; agus a deir tusa, Giḋ bé ċoiṁéudfas mo ḃríaṫarsa, ní ḃlaisfe sé bás go síorruiḋe.


Ar a naḋḃarsin ar na ḃreiṫ súas lé láiṁ ḋeis Dé, agus ar ḃfaġáil an Spioraid Náoiṁ do reir ġeallaṁna a Naṫar, do ḋóirt sé amaċ an nísi, do ċíṫísi a nois agus do ċluintí.


Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naiṫreaċne, do ġlóruiġe sé a Ṁac féin Iósa; noċ do ḃraiṫeaḃairse, agus do ṡéunaḃair a ḃfíaḋnuisi Ṗíolaid, an tan rug sé do ḃreiṫ a sgáoileaḋ.


Ar a naḋḃarsin, aṁail as tré áonċoir aṁáin ṫáinic bréiṫeaṁnus air ná huile ḋaóiniḃ ċum damanta; is mar sin ṫáinic an taḃartus tré áontsáoraḋ aṁáin air gaċ uile ḋuine ċum sáorṫa na beaṫa.


Aċd foillsiġiḋ Día a ġráḋ féin dúinne ann so, do ḃriġ ag mbeiṫ ḋúinn fós ar bpeacṫaċuiḃ, gur ḟuiling Críosd bás air ar son.


Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:


An té nár ċoigill a Ṁac díleas féin, aċd tug air ar soinne uile é, cionnas naċ ttioḋluicfeaḋ sé ḋúinn gaċ uile ní maille ris?


Agus go ḃfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus naċ bíaḋ an dream atá béo ó so amaċ béo ḋóiḃ féin, aċd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirġe.


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd,


Noċ tug é féin na ḟúasglaḋ ar son na nuile ḋáoineaḋ, mar ḟiaḋnuise a nám iomċuḃaiḋ.


Do gráḋuiġ tú an ḟiréuntaċd, agus do ḟúaṫuiġ tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Ḋía féin ṫú, ré hóla an ġáirdeaċuis ós cionn do ċompánaċ.


Uime sin ag teaċd dó ċum a tsáoġáil, a deir sé, Níor ḃáil leaċd ioḋbairt ná ofráil, aċd do ċum tú corp ḋaṁsa:


As tré ċreideaṁ do háṫruiġeaḋ Enóċ ċum naċ ḃfaicfeaḋ sé an bás; agus ní friṫ é, do ḃríġ gur aṫruíġ Día é: oír súil do haṫruiġeaḋ é do rinneaḋ fíaḋnuise ris, gur ṫaitin sé re Día.


Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.


Do rinne tú é feaḋ sealuid ḃig ní sa ísle ná na haingil; do ċuir tú coróin ġlóire agus onóir air, agus do ċuir tú é ós cionn oibreaċ do láṁ:


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


Oír as ċuige órduiġṫear gaċ uile árdsagart ċum na dtaḃartus agus na nioḋbarṫaḋ dforáil: ionnas gur ḃéigin don ḟiorsa mar an gcéudna ní éigin do ḃeiṫ aige ré a ioḋbairt.


Noċ ṫrídsean ċreideas a Ndía, do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ, agus tug gloir ḋó; ionnus go mbeiṫ ḃur gcreideaṁ agus ḃur muiniġin a Ndía.


Agus is eision an réiḋteaċ air son ar bpeacuiġne: ní ar son ar bpeacuiġne aṁáín, aċd air son an doṁuin uile mar an gcéudna.


Agus bá cosṁail a ṡúile ré lasair ṫeineaḋ, agus do ḃádar mórán coróineaċ ar a ċeann; agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige, nár baiṫne daóineaċ aċd dó féin.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ