Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus a ris, Cuirfe mé mo ṁuiniġin ann. Agus a rís, Féuċ misi agus an ċlann tug Día ḋaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus arís, Cuirfead mo ṁuiniġin as. Agus arís, Féaċ, mise agus an ċlann ṫug Dia ḋom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 2:13
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ.


Agus a duḃairt Ióseṗ ré ná aṫair, Mo ṁicsé iadsó, noċ tug Dia ḋaṁ annsa náitsi: agus a duḃairt seision, Taḃair ċugam iad, iarruim ort, agus beinneoċuiḋ mé íad.


Día mo ċairge; is ann ḃías mo ḋóiġ: sé mo scíaṫ é, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ṫor árd, agus mo ḋidean, mo ṡlánuiġṫeóir; do ċuṁduiġ tú me ó ḟoiréigion.


Féuċ, is oiġreaċt don TIĠEARNA clann: toraḋ na mbronn a luaiḋeaċd.


Cuṁduiġ mé, ó a Ḋé: óir is ionnadsa ċuirim mo ḋóiġ.


An TIĠEARNA mo ċarruic, agus mo ḋaingean, agus mfear sáorṫa; mo Ḋía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo ḋóṫċus; mo scíaṫ, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ionad árd.


A déarad a ttaoḃ an TIĠEARNA, Mo ḋídean agus mo ḋaingion: mo Ḋía; cuirfiod mo ḋóṫċus ann.


Féuċ, is Día mo ṡlánaiġṫeóir; bím doṫċusaċ ann, agus ní ḃía eagla orum: óir isé an TIĠEARNA IEHOḂAH mo neart agus mó ċaintic; sé fós mo ṡlánuġaḋ é.


¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.


Do ḃí a ḋóċus a Ndía; sáoraḋ sé é a nois, mas áill leis é: óir a duḃairt sé, Is misi Mac Dé.


Maṫair, noċ ṫug ḋaṁsa íád, as mó é ná na huile; agus ní ḟéudann éinneaċ a ḃfuadaċ as láiṁ Maṫar.


Oir bioḋ go ḃfuil deiċ mile do luċd teaguisg agaiḃ a Gcríosd, ní híomḋa fós ḃur naiṫre: oír is misi do ġin siḃ a Níosa Críosd trés an tsoisgéul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ