Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 13:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Seaċnuiḋ siḃ féin ar ṡaint; go maḋ lór liḃ na neiṫe atá a laṫair aguiḃ: oír a duḃáirt sé, Ní ḋealoċa mé riot, agus ní ṫréigfead ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Biḋiḋ saor ó ġráḋ an airgid; sásta leis an méid atá agaiḃ: óir aduḃairt sé féin, Ní ċlisfead ort, agus ní ṫréigfead go deo ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 13:5
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.


Agus a duḃairt seision, Cread do ḃéura mé ḋuit? agus a duḃairt Iácob, Ní ṫiuḃra tú einní ḋaṁsa: má ní tú éinní aṁáin ar mo ṡon, beaṫóċad agus coiṁéudfad do ṫréad a rís.


Agus a duḃairt ríu, Ċím gnúis ḃur naṫar, naċ ḃfuil sí leam mar do ḃí roiṁe; aċ do ḃí Día máṫar leam.


Agus biaiḋ mé am ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Israel, agus ní ṫréigfe mé mo ṗobal Israel.


Go raiḃ an TIĠEARNA ar Ndía línn, aṁuil do ḃí sé le ar naiṫriḃ: ná fagḃaḋ agus ná tréigioḋ sé sinn:


¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Solaṁ a ṁac, Bí láidir agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus déana é: ná bíoḋ eagla ort, agus na bí anḃuáineaċ: óir biáiḋ an TIĠEARNA Día, eaḋon mo Ḋíasa, leaċd; ní ḟailleoċuiḋ sé ort, ní mó ṫréigfe sé ṫú, nó go ccríoċnuiġe tú a nuile obair ċum serḃíse ṫiġe an TIĠEARNA.


Oír maóiḋiġ an ciontaċ fonn a ċroiḋe, agus beannuiġiḋ sé an sanntaċ, noċ ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA.


Cláon mo ċroiḋe ċum ṫfiaġnuiseaḋ, agus ní ċum sainte.


Do ḃí mé óg, agus a nois atáim áosta; aċt ní ḟaca mé an fíréun ar na ṫréigion, agus a ṡlioċt ag íarruiḋ déirce aráin.


Oír is ionṁuin leis an TTIĠEARNA breiṫeaṁnus, agus ní ṫréigionn a naóiṁ; agus atáid daingion go bráṫ: aċd gearrfar slioċd an droċḋuine ar fad.


Agus bá toil lé Maoisi coṁnuiġe a ḃfoċair a nóglaoiċ sin: agus tug sé do Ṁaóisi Sipporah a inġean.


Ní ṡainteoċa tú tiġ do ċoṁarsan, ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsan, nó óglaċ do ċoṁarsan, nó a ḃanóglaċ, nó a ḋaṁ, nó a assal, no énni is lé do ċoṁarsaín.


Ná sáoṫruiġ ḃeiṫ saiḋḃir: sguir dot ġliocas féin.


¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.


A nuáir íarrfuid na boiċt agus na ríaċdanuiġ uisge, agus naċ bía sin ann, agus go ḃfailleoċuiḋ a tteanga lé tart, cluinfiḋ misi an TIĠEARNA íad, misi Día Israel ní ṫréigfe mé íad.


Agus do ḃéara mé na daill a sliġe naċ aiṫne ḋóiḃ; tréoroċuiḋ mé íad a sliġe nar ḃfeas dóiḃ: do ḋéana mé an dorċadas na ṡolus rompa, agus na neiṫe cama díreaċ. Ag so na neiṫe ḋéanas mé ḋóiḃ agus ní ṫréigfe mé íad.


Oír atá gaċ áon díoḃ ón té is lúġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ ar na ṫaḃairt do ṡaint; agus ón ḃfáiġ gus an sagart do níd uile go bréagaċ.


Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.


Na cruinniġiḋ ionnṁas ar an ttalaṁ, mar a ttrúaillean an léoġan agus an ṁeirg é, agus mar a ttoċlaid agus mar a ngoidid na bioṫaṁnuiġ:


Ar a naḋḃarsin a deirimsi riḃ, Na biḋiḋ lán do ċúram a ttimċeall ḃur mbeaṫa, créud íosdáoi, nó ioḃṫáoi; na a ttimċeall ḃur gcuirp, creúd ċuirfi umaiḃ. A né naċ mó an tanam na an bíaḋ, agus an corp ná an téudaċ?


Uime sin na bíoḋ roċúram oruiḃ timċeall an laói máruiġ: óir biaiḋ a ṡáiṫ curium air an lá a máraċ timċeall a neiṫe féin. Is lór do lá a olc féin.


Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd:


Agus do ċuireadar na saiġdiúiríġ fós ceisd air, ag ráḋ, Agus créad do ḋéunuimne? agus a duḃairt seisean ríu, Ná déunaiḋ foiréigean ar ḋuine ar biṫ, agus ná hagraiḋ duine ar biṫ go heugcóraċ agus go maḋ lór liḃ ḃur dtúarasdal féin.


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Ar na líonaḋ do nuile éugcóir, do ṁaílis, do ḋrúis, do ḋroiċṁéin, do ṡaint; ar na líonaḋ do ṫnúṫ, do ḋúnṁarḃaḋ, dó ċeannarraic, do ṁeaḃail, do ḋroċḃéusuiḃ; luċd siusarnuiġe.


Aċd a nois do sgríoḃ mé ċúgaiḃ gan ċaidreaḃ do ḋéanaṁ, má ḃíonn éainneaċ dá ngoirṫear dearḃráṫair na sdríopaiġ, nó na ḋuine ṡanntaċ, nó na ḟear ioḋalaḋruiḋ, no na ḟear cainiġe, nó na ḟear misge, nó na ḟear fúaduiġe; ná caiṫiḋ fíu an ḃiḋ na ḟoċair.


Ná gaduiġṫe, ná dáoine sanntaċa, na luċd meisge, na luċd imḋeargṫa, náid sracaireaḋa, oiḋréaċd rioġaċda Dé.


Bí gérleanṁuin dá déunaṁ oruinn, giḋeaḋ ní tréigṫear sinn; teilgṫear síos sinn, giḋeaḋ ní ṫéiġmid amúġa;


Giḋeaḋ sdrióbaċas, nó neaṁġloine ar biṫ, nó saint, ná hainmniġṫear aṁáin ḃar measg íad, mar as iomċuḃaiḋ do náoṁuinḃ;


Oír atá a ḟios so aguiḃ, naċ ḃfuil oiġreaċd a ríoġaċd Ċriosd agus Dé, ag sdríopuiḋ ar biṫ, aig neaċ neaṁġlan, ná ag duine sanntaċ, noċ as íoḋalaḋruiġ,


Bíṫí láidir agus bíoḋ meisneaċ ṁór aguiḃ, ná himeagluiḋ, agus ná bioḋ úaṁan aguiḃ rompa: óir sé do ṪIĠEARNA Día, ṫéid liḃ; ní ḟeallfa sé ort, agus ní ṫréigfe sé ṫú.


Agus an TIĠEARNA, is eision an té raċus roṁad; biáiḋ sé maille riot, ni ḟeallfa sé ort, ní mó ṫréigfios sé ṫú: ná himeagluiḋ, agus ná bíoḋ úaṁan ort.


(Oír an TIĠEARNA do Ḋía as Día grásaṁuil é); ní ṫréigfe sé ṫú, agus ní scriosfa sé ṫú, agus ní mó ḋearmadfaiḋ sé cunnraḋ haiṫreaḋ noċ do ṁionnuiġ sé ḋóiḃ.


Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ:


Gan ḃeiṫ roḟonnṁar a ḃfíon, gan ḃeiṫ buáilteaċ, gan dúil do ḃeiṫ aige a neudáil neaṁġloin; aċd ḃeiṫ ceannsaiġ, neaṁċeannairceaċ, neamṡanntaċ;


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.


Agá ḃfuilid súile lán daḋaltrannas, agus naċ ḃfeudann sgur do ṗeacaḋ; ag meallaḋ na nanmann neiṁṡeasṁaċ: agá ḃfuilid cróiḋṫe do ḃeir íad féin do ġnáṫ do ṡaint; clann na mallaċd:


Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.


Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.


Agus go maḋ haṁluiġ ḃías, a nuáir ṫíucfaid na coṁarṫuiġesi ort, go ndéana tú do reír mar ḃías ocáid agad; oír atá Día maille riot.


Oír ní ṫréigfiḋ an TIĠEARNA a ṗobal féin air son a anma ṁóir: do ċionn gur ḃí toil an TIĠEARNA a ṗobal féin do ḋéanaṁ ḋíḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ