Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 13:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Bioḋ gráḋ bráiṫreaṁuil go coṁnuiġeaċ eadruiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Bíoḋ gráḋ bráṫarḋa i gcóṁnaiḋe eadraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 13:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Feuċ, caiḋe an ṁaiṫ agus an taóiḃneas sin dearḃráiṫre do coṁnuiḋe a náonṫoil!


Aiṫniġim na neiṫesi ḋíḃ, do ċum gráḋa do ḃeiṫ aguiḃ féin dá ċéile.


Agus an tan ṫáinig lá na Cingcíse go hiomlan, do ḃádar uile dáontoil ar áonḃall.


Agus do ḃí áon ċróiḋe agus áon anam aṁáin ag an druing do ċreid: agus ní dúḃairt éainneaċ aca go maḋ leis féin áon ní ḋá raiḃ na ṡeilḃ; aċd do ḃádar na huile neiṫe coṁċoitċeann aca.


Oír, a ḋearḃráiṫre, as ċum sáoirsi do goireaḋ siḃ; aṁáin ná déunuiḋ an tsáoirse na cionfáṫa don ċoluinn, aċd bíġiḋ féin ag seirḃís do ċéile tré ġráḋ.


Aċd a sé as toraḋ don Spiorúid gráḋ, gáirdeaċas, síoṫċáin, foíġid ḟasa, ceannsaċd, rún maiṫeasa do ḋéunaṁ, creideaṁ,


Oír a Niósa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ; aċd a gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Ag déunaṁ díṫċill air áondaċd na Sbioruide do ċoiṁéud a gcoiṁċeangal sioṫċána.


Agus siúḃluiḋ a ngráḋ, aṁuil do ġráḋuiġ Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na ioḋbairt ḋeaġḃaluiḋ do Ḋía.


A tá dfíaċuiḃ oruinn buiḋeaċus do ḃreiṫ ré Díá do ṡíor ar ḃur sonsa, a ḋearḃráiṫre, mar as iomċuḃaiḋ, do ḃríġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag fás go líonṁar, agus gráḋ gaċ aóin aguiḃ uile ag méuduġaḋ ḋá ċéile;


Agus tugam aire ḋá ċéile ionnus go mbéam ḋár mbrosduġaḋ féin ċum gráḋa agus deaġoibriġeaḋ:


O rinneaḃair ḃur nanmanna glan a núṁlaċd na fírinne trés an Spiorad ċum gráḋa bráiṫreaṁuil gan ḟallás, bíoḋ gráḋ díoġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile ó ċróiḋe ġlan:


Tuguiḋ onóir do na huile ḋaóiniḃ. Gráḋuiġe na dearḃráiṫre. Bíoḋ eagla Dé oruiḃ. Tuguiḋ onóir don rí.


Fá ḋeóiġ, bíġiḋ uile déininntinn, ag coṁḟulang ré ċéile, bíoḋ gráḋ bráṫarġa eadruiḃ, bíġiḋ trócaireaċ, sóċaidriḋ:


Agus roiṁ na huile neiṫiḃ bíoḋ gráḋ ro ḋioġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile: óir cuirfiḋ an gráḋ folaċ ar iomad peacaḋ.


Agus cáoineas bráiṫreaṁuil ré ḃur ndíaġaċd; agus gráḋ re ḃur gcáoineas.


Agus a sí so a áiṫne, Go ccreidfeaḋ sinne a nainm a Ṁic Iósa Críosd, agus a ċéile do ġráḋuġaḋ, réir na háiṫne tug seision dúinn.


Dá nabra éinneaċ, atá gráḋ agum air Ḋía, agus fúaṫ ḃeiṫ aige air a ḋearḃráṫair, is bréugaċ é: Oír cionnas is éidir don tí naċ gráḋuiġeann a ḋearḃráṫair do ċonnairc sé, gráḋ ṫaḃairt do Ḋía naċ ḃfacuiḋ sé?


Giḋeaḋ atá agum a táḋuiġ, gur ṫréig tú do ċéudġráḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ