Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 11:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd a ḃféugṁuís ċreideiṁ ní féidir taitneaṁ ris: oír an tí ṫig ċum Dé is éigean dó a ċreideaṁ go ḃfuil sé ann, agus go dtaḃairt sé lúaċ sáoṫar don druing íarras é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 11:6
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Uimesin a deirid re Día, Dealuiġ rinn; óir ní ḃfuil fonn aguinn a néolus do ṡliġṫeaċ.


Agus do ṫarcuisniġeadar an talaṁ áoiḃinn, níor ċreideadar a ḃríaṫar:


Re mo ċroiḋe iomlán do lorguir mé ṫú: ná cuir air seaċrán ód aiṫeantaiḃ mé.


Agus a déara duine, Go deiṁin, atá soċar ag an ḃfíreun: go dearḃṫa sé Día do ní breiṫeaṁnus air an ttalaṁ.


Aċt ís maiṫ ḋaṁsa druidean ré Día: atá mo ḋóiġ annsa TTIĠEARNA Día, go ḃfoillsiġe mé hoibreaċa uile.


Do ḃríġ nar ċreidiodar a Ndía, agus nar ċuireadar a ndóiġ iona ṡlánuġaḋ:


Ṫairis so uile do ṗeacuiġeadar fós, agus níor ċreidiodar ar son a ionganta.


Oibriġiḋ an droċḋuine obair ṁeallta: aċt don té ṡíolċuireas fíréantaċt biáiḋ lúaċ dearḃṫa aige.


Gráḋuiġim an ṁéid ġráḋuiġios mé; agus an drong íarrus mé go moċ do ġeaḃuid mé.


Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.


Agus Samária ceann Eṗraim, agus ceann Ṡamária mac Remaliah. Muna ccreidṫí, go deiṁin ní daingneoċṫar siḃ.


O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad naċ ccreidfid mé ar son na nuile coṁarṫaḋa do ṫaisbean mé eatorra?


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do ċionn nar creideaḃair ḋaṁ, dom náoṁaḋ a laṫair ċlonme Israel, uime sin ní ṫiuḃarṫáoi an ċuideaċdasa don dúṫaiġ ṫug me ḋáoiḃ.


A seaḋ, Aṫair: do ḃríġ gur ab mar sin do ḃí do ḋeaġṫoilse.


Bioḋ gaírdeaċas, agus luáṫġáir óruiḃ: óir is mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: óir is mar sin do ġérleanadar na faiḋe ṫaínic roṁaiḃ.


Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca.


Aċd íarruiġ ar tús flaiṫeas Dé, agus a ḟiréuntaċdsan; agus teilfiḋṫear na neiṫesi uíle ċugaiḃ.


Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca.


Agus leanfuid na coṁarṫuiġesi an dream de ċreidfeas; Sgriosfuid síad deaṁuin tré mainmsi; laiḃéoruid lé teangṫuiḃ núaḋa;


Aċd ċeanna Iárruiḋsi rioġaċd Dé; agus teilgfiḋṫear na neiṫesi uile ċuguiḃ.


Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe.


A duḃairt Iósa ris, As misi an tsliġe, agus a nfírinne, agus a ḃeaṫa: ní ṫig áonduine ċum a Naṫar, aċd tríomsa.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt mé riḃ, Go ḃfuiġeaḋ siḃ bás an ḃur bpeacaiḋíḃ.


Aċd cionnas ġuiḋfid síad an té ann nar ċreideadar? agus cionnas ċreidfid síad ann sa té naċ ccúaladar teaċd ṫairis? Agus cionnas ċluinfid síad gan seanmóntuiġ?


Oír a Niósa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ; aċd a gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Ar na ṁeas dó gur ṁó an saiḋḃreas masla Ċríosd ná ionnṁas ná Héigipte: óir do ḃí súil aige ris an lúaċ sáoṫair.


Tuguiḋ aire riḃ, a ḋearḃráiṫre, náċ mbiáiḋ ḋroċ ċroíḋe gan ċreideaṁ ag éinneaċ aguiḃ uáir ar biṫ, ré dtuitfeaḋ siḃ ón Día ḃeó.


Oír do seanmóruiġeaḋ an soisgéul dúinne, aṁuil do rinne ḋóiḃsion mar an gcéudna: giḋeaḋ ní ḋeaċuiḋ an ḃríaṫar do ċúaladar a dtarḃa ḋóiḃ, do ḃríġ náċ raiḃ sí ar na cumusg ré creideaṁ sa druing do ċúaluiḋ í.


Uime sin do ḃríġ do dtuigṫear as so go raċuiḋ dream áiriġe a steaċ ann, agus naċ deaċuiḋ an dream ḋár seanmóruiġeaḋ an soisgéul ar tús a steaċ tré easúṁlaċd:


Oír ní ḋearna an reaċd ní ar biṫ iomlán, aċd teaċd a steaċ a muiniġne as féarr; tré na dtigmíd a ḃfogus do Ḋía.


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


Uime sin a ḋearḃráiṫre, go maḋ móide ḋéunad diḃ dúṫraċd, ré ḃur ngairm agus re ḃur dtoġa do ḋéunaṁ diongṁalta: óir má ní siḃ na neiṫese, ni ḃfuiġe siḃ leagaḋ ċoiḋċe:


Agus fós, ar ndéunaṁ na huile ḋúṫraċda ḋíḃse ṡá ṫáoḃ so, cuiriḋ súḃailciḋe ré ḃur gcreideaṁ; agus eólas ré ḃur súḃailciḋiḃ;


Uime sin, a ċaired, ó atá súil ris na neiṫiḃse aguiḃ, bíġiḋ dúṫraċdaċ ċum ḃur ḃfáġala ḋósan gan ċáiḋe, gan ċiontuiḃ, a sioṫċáin.


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Go ccúitiġ an TIĠEARNA do ṡaoṫar riot, agus go ḃaġa tú luaiḋeaċd iomlán ón TIĠEARNA Día Israel, a ttáinic tú fa na sciaṫánuiḃ, do ċur dóṫċuis ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ