Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 11:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 As tré ċreideaṁ do ḟoráil Abel do Ḋía ioḋbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnaḋ fíaḋnuise ḋó go raiḃ sé na ḟíréun, ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ fíaḋnuise ḋá ṫioḋlaiciḃ: agus trés an gcreideaṁsin ar ḃfaġáil ḃáis dó láḃruiḋ sé fós.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 11:4
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Creud do rinne tú? atá guṫ fola do ḋearḃraṫar ag éiġṁe ormsa as an ttalaṁ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Uime sin giḋ bé ar biṫ ṁuirfeas Cáin, do ḋéuntar a ṡeaċd noirid dioġaltuis air. Agus do ċuir an TIĠEARNA coṁarṫa ar Ċáin, deagla áonduine ar na ḟaġáil go muirfeaḋ é.


Agus do luiġ Aḋaṁ ré na ṁnáoi a rís; agus rug sí mac, agus tug Seṫ daínm air: Oir ar sisi, do órduiġ Día ḋaṁ síol eile a náit Abel, do marḃaḋ lé Cáin.


Agus do ċoṁráiġ Cáin ré na ḋearḃraṫair Abel; agus tarla ann, a nuair do ḃádar ar an maċaire, gur éiriġ Cáin súas a naġuiḋ Abel a ḋearḃraṫar, agus gur ṁarḃ é.


Ann sin do ṫuit teine an TIĠEARNA, agus do ḋóiṫ sí an nofráil loisge, agus an cunnaḋ, agus na cloċa, agus an luaiṫreaḋ, agus do liġ súas an tuisge do ḃí san treinse.


Naċ múintíd siad ṫú, agus naċ innéosuid duit, agus naċ aibéoruid bríaiṫra amaċ ó na ccroiḋe?


Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA íoḋbairt an ċiontaiġ: aċt sí urnaiġ a nfíréin a ḋúil.


Is aḋfliúaṫṁaireaċt íoḋbairt an ċiontuiġ: ga ṁéad ní is mo ná sin, a nuáir do ḃeir leis í lé droiċintinn?


Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.


Do ċum go dtiocfaḋ oruiḃ gaċ uile ḟuil ḟiréanta dar dóirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil Abél ḟíréanta go fuil Ṡaċarías ṁic Baraċías, noċ do ṁarḃaḃairsi eidir an teampoll agus a naltóir.


O ḟuil Abéil go fuil Ṡaċarías, do marḃaḋ éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneaċ a deirim riḃ, go leanfuiġear é ar an gcineaḋso.


Adṁuiġid síad eólas do ḃeiṫ aca air Ḋía; giḋeaḋ séunuid a ngníoṁarṫuiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ aḋḟúaṫṁar, easúṁal, agus mearuiġṫe a dtáoḃ gaċ uile ḋéaġoibbre.


Oír as tríd fúaradar na sinnsir deaġṫeisd.


Ar a náḋḃarsin ó ṫárrla a ċoṁmór sin do néull fíaḋnuiseaḋ ar dtimċiollne mar an gceudna, ag cur gaċ uile ṫruim ḋínn, agus an ṗeacuiġ leanus din go héusguiḋ, rióṫam maille ré foiġid ċum ċin na coiṁleanga atá roṁuinn,


Agus ċum Iósa eidirṁeaḋontóir na tiomna nuáiḋe, ċum na fola do craiṫeaḋ, laḃrus neiṫe as fear na é sin Abéil.


Oir gaċ uile árdsagart, ṫógṫar ó ḋáoiniḃ is ar son dáoineaḋ orduiġear é a dtáoḃ na neíṫeann ḃeanas ré Día, ċum ofrála agus íoḋbarṫa do ḋéunaṁ ar son peacaḋ:


Agus as beag naċ ré fuil ġlantar na huile neiṫe do réir an reaċda; agus ní faġṫar maiṫeaṁnas ar biṫ gan dórtaḋ fola.


(Oír ar mbeiṫ don ḟiréun úd na ċoṁnuiḋe eatorra, fuáir a anam firéunta a ṗíánaḋ ó lá go lá ré na ngníoṁarṫuiḃ neiṁḋlisdionaċa, dá ḃfaicsin agus dá gcluinnsin dó;)


Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ