Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 10:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Oir ar mbeiṫ do sgáile na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda ag an reaċd, agus ní dealḃ fíre na neiṫeann féin, ní féidir leis ċoiḋċe na druinge ṫig ċuige do náoṁaḋ ris na hioḋbarṫuiḃsin ḃíd ḟóráil do ġnáṫ gaċa blíaḋna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir an dliġe, ag a ḃfuil scáil na n‐aoiḃneas atá le teaċt, ní h‐í íoṁáiġ ḟíor na neiṫe féin, ní ḟéadann sé na daoine ṫig i ḃfogas d’ḟoirḃiú leis na h‐íoḋbarṫaiḃ ofráltar de ġnáṫ ó ḃliaḋain go bliaḋain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 10:1
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug a nofráil loiscṫe, agus do ofráil í do réir ġnáṫa.


Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:


Naċ ḃfuil aċd na sgáile do na neiṫiḃ atá ċum teaċda; aċd is lé Críosd an corp.


Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.


Ar a naḋḃarsin dá dtigeaḋ iomláine tré ṡagarṫaċd na Leḃíti, (óir is ré linn na sagarṫaċda sin tugaḋ an reaċd don ṗobal,) créd fá raiḃ riaċdanus ní sa ṁó ré sagart eile éirġe ann do réir uird Ṁelċísédec, agus gan ḃeiṫ ḋó ar na ġairm do réir uird Aáron?


Noċ do ní seirḃís do ṡompla agus do sgáile na neiṫeann neaṁḋa, aṁuil do ḟógair Día do Ṁáoise ar mbeiṫ ḋó ar tí an tabearnacail do ċríoċnúġaḋ: taḃair aire riot, ár sé, Go ndéan tú na huile neiṫe do réir an tsompla do taisbéunaḋ ḋuit sa tslíaḃ.


Aċd ar dteaċd do Ċríosd na árdṡagart na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda, tré ṫabearnácail bá mó agus bá diongṁálta, náċ dearnaḋ ré láṁuiḃ, ionann sin ré raḋ agus, naċ don nobairse;


Uime sin dob éigin sompla na neiṫeann atá ar neaṁ do ġlanaḋ ríu so; aċd na neiṫe neaṁġa féin ré híoḋbarṫuiḃ as fearr ná íad so.


Agus ní ċum é féin dioḋbairt go minic, aṁuil do ṫéiġeaḋ an tardsagart a steaċ don náoiṁiosdaḋ gaċa blíaḋna ré fuil nar leis féin;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ