Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 1:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd ris an Mac a deir sé, A Ḋía, máiriḋ do ċaṫaóir ríoġasa, go sáoġal na sáoġal: is slat ċóṁṫruim slat do ríoġaċdasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Aċt do’n Mac adeir sé, Atá do riġ‐ċaṫaoir‐se, ann a Ḋia, go saoġal na saoġal, Agus slat an ċoṫruim is eaḋ slat ríoġa do ríoġaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 1:8
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De.


Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.


Iona láeṫaiḃsin bláiṫfid na fíréin; agus iomad síoṫċána an feaḋ ḃias án ġealaċ ann.


Agus is ionṁuin ré neart an ríġ breiṫeaṁnus; daingniḋ tú ceart, do ní tu breiṫeaṁnus agus ceart ann Iácob.


Annsa TIĠEARNA fíréanfuiġear síol Israel uile, agus is ann do ḋéanaid glóir.


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Ann sin a dúḃairt Ieremiah re Sedeciah. Má foillsiġim ḋuit, naċ ccuirfe tú go deiṁin ċum báis mé? agus má ḃeirim coṁairle ḋuit, a néistfe tú riom?


Aċt biáiḋ truáiġe agum do ṫiġ Iúdah, agus tárrṫeċa mé íad maille ris an TTIĠEARNA a Ndía, agus ní lé bóġa, nó lé cloiḋeaṁ, ṫárrṫoċus mé íad, nó lé caṫ, nó lé heaċaiḃ, nó lé marcslúaġ.


Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Taḃair dod aire, bíaiḋ maiġdean tórraċ, agus bearuiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Emmanuel dainm air, noċ ar na ṁiniuġaḋ, iseaḋ, Día maille rinn.


A náoṁṫaċd agus a ḃfíréantaċd na ḟíaḋnuisiséan, a laéṫiḃ ar mbeaṫa uile.


Do ḟreagair na Iúdaiḋe é, ag ráḋ, Ní ar son oibre maiṫe ġaḃmóid do ċloċuiḃ ort; aċd ar son blaisṗeíme; agus air son ṫusa, agus tú ad ḋuine, go ndéunann tú Día ḋiót féin.


Agus do ḟreagair Tomás agus a duḃairt sé rís, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia.


Ag ar díoḃ na haiṫre, agus ó a ḃfuil Críosd do réir na feóla, atá na Ḋía ós cionn na nuile, beannaiġe go síorruiḋe. Amén.


Oír as éigean dó ḃeiṫ na Rí, nó go gcuiriḋ sé a naiṁde uile faói na ċosaiḃ.


Aṁáin go dúṫaiġ ċloinne Ammon ní ṫangaḃair, nó go héanáit don naḃuinn Iabboc, nó do na caiṫreaċaiḃ ann sna sléiḃtiḃ, nó go héanáit dar ṫóirmísg an TIĠEARNA ár Ndía oruinn.


Bíaiḋ tú beannuiġ ós cionn gaċ uile ṗobal: ní ḃíaiḋ firionnaċ ná bainionnaċ aimrid ḃur measc, nó a measc ḃur náirnéise.


Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.


Oír as áṁluiḋ so ġeaḃus siḃ go fairsing sliġe ré dul a steaċ a rioġaċd ṡiorruiḋe ar Dtíġearna agus ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd.


Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ