Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 1:2
70 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.


Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.


Is marso a deir an TIĠEARNA, ṫiuascaltóir, agus an té do ċum ṫú as an mbroinn, is misi an TIĠEARNA do ní gaċ uile ní; noċ aṁáin ṡíneas amaċ na neaṁa; leaṫnuiġios amaċ an talaṁ liom féin;


Do rinne mé an talaṁ, agus do ċrúṫaiġ mé an duine air: misi, eaḋon mo láṁasa do leaṫnuiġ amaċ na flaiṫis, agus do ríaġluiḋ mé a slóiġ uile.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.


Ní ḟillfiḋ fearg ḃorb an TIĠEARNA, nó go ndéarna sé é, agus nó go ccoiṁlíonfuiḋ sé toil a ċroiḋe: annsna láeṫiḃ deiġionaċa measfuiġesi é.


¶ Giḋeaḋ fillfe misi braiġdeanas Ṁóab annsna laéṫiḃ deiġionaċa, a deir an TIĠEARNA. Breiṫeaṁnus Ṁóab go nuige so.


Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.


Anois ṫáinic mé do ṫaḃairt ortsa a ṫuicsin, créd ṫeigeoṁus dot ḋaóiniḃ annsna láeṫiḃ deiġionaċa: óir atá a nfis fós ar feaḋ ṁóráin láeṫe.


Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;


Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.


Aċt annsna laéṫiḃ deiġeanaċa tiucfa a ccríċ, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaċ na slíaḃ, agus áirdeoċṫar é ós cionn na ccnoc; agus líonfuid daóine ċuige.


Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.


Agus an náṁaid do ċuir é a sé an díaḃal é; agus a sé an fóġṁar deireaḋ an tsáoġail; agus a síad na búanuiḋe na haingil.


Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris.


Agus ar ḃfaicsin an ṁic do ba sgológaiḃ, a duḃradar eatorra féin, A sé so an toíġre; tigiḋ, marḃam é, agus congḃam a oiḋreaċd.


Giḋeaḋ níor laḃair Iósa áonḟocal. Agus do ḟreagair an tárdṡagart agus a duḃairt sé ris, Cuirim ort a huċd Dé ḃí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.


Tosaċ ṡoisgeil Iósa Ċríosd, Ṁic Dé;


Aċd do ḃí aige fós éun ṁac, a ṁáin ionṁuin, agus do ċuir sé éisean mar an gceadna ċuca fá ḋeireaḋ, ag ráḋ, Do ḃéuruid síad onóir dom ṁac.


Aċd a duḃradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toiḋre; tigiḋ, marḃum é, agus buḋ linn féin an oiḋreaċd.


Do ḃí se air a tsáoġal, agus trídsean do rinneaḋ an sáoġal, aċd níor aiṫin sáoġal é.


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Leisean a táid na huile neiṫer déunta, da ndéarnaḋ.


Ar na aiṫne Diosa go dtug an Tahair na huile néiṫe fá ná láṁuiḃ, agus gur ab ó Ḋía ṫáinig sé, agus gur ċum Dé do ḃí sé ag dul;


Má atá Día ar na ġlóruġaḋ annsan, do ḃéara Día glóir ḋósan ann féin mar an gcéudna, agus do ḃéura sé glóir ḋó ar an mball.


Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi.


As leamsa na hule neiṫe atá ag a Naṫair: ar a naḋḃarsin a duḃairt mé, gur dom ċuidse ġlacfus sé, agus ḟoillséoċas sé ḋíḃsi.


Aṁail as do ṫug tú cúṁaċda ḋósan air gaċ uile ḟeóil, do ċum go dtioḃraḋ sé an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ do gaċ uile ḋuine ḋá dtug tú ḋó.


Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.


Uime sin do éiriġ ceisd eidir cuid do ḋeisciobluiḃ Eóin agus na Iúdaiḋe a dtimċeall an ġlanta.


Oír mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin; is mar sin tug sé don Ṁac fos beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin;


Agus fós tug se uġdarras do ḃreiṫeaṁnus do ḋéunaṁ, an méid gur ab é Mac an duine.


Atá a ḟios aguinne gur laḃuir Día ré Máoisi; aċd ní ḃfuil a ḟios aguinn, gá has don ḟearsa.


An ḃríaṫar noċ do ḟoillsiġ sé do ċloinn Israél, ag soisgéuluġaḋ síoṫċána tré Iósa Críosd: noċ atá na Ṫiġearna ós cionn na nuile:


Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe:


Do foillsiġeaḋ na Ṁac Dé a gcúṁaċdaiḃ, do réir spioraid na náoṁṫaċda, tré eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:)


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Aċd laḃramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna ḟolaiġeaċ, noċ do orduiġ Día roiṁ an tsáoġal ċum ar nglóirinne:


Giḋeaḋ ní ḃfuil aguinne aċd áon Ndía aṁáin, an Taṫair, ó a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne annsan: agus éin Tiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne ṫrídsion.


Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd,


A miniosdralaċd ċoiṁlíonta na haimsire na huile neiṫe a Ccríosd, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, do ċruiniuġaḋ a gceann a ċéile; annsan:


Agus a ḟoillsiuġaḋ do na huile ḋáoiniḃ créd é cumann ná rúindiaṁra, noċ do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁain a Ndía, noċ do ċrúṫuiġ na huile neiṫer tré Iósa Críosd:


¶ Tóigfe do ṪIĠEARNA Día Fáiġ ḋuit as do lár féin amaċ, dot ḋearḃráiṫriḃ, mar misi; ḋó sin uṁloċtaoi;


Oír atá ḟios agum tar eís mo ḃáis go ttrúaillfiḋiġ siḃ féin ṫrid amaċ, agus go niompoċuiḋiġ do leaṫ ṫaoiḃ as a tsliġe do ṁúin mé ḋíḃ; agús tuitfiḋ olc oruiḃ an sna laéṫiḃ deiġionaċa; do bríġ go ndéantáoi olc a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċuin feirge tré oibreaċuiḃ ḃur láṁ.


A nuáir ḃías tú a mḃuaiḋreaḋ, agus ṫiocfas na neiṫesi uile ort, eaḋon annsna laéṫiḃ deiġeanaċa, má ḟiliéann tú ċum an TIĠEARNA do Ḋía, agus go mbía tú uṁal dá ġuṫ;


Oír cía do na haingliḃ ré a ndúḃairt sé ríaṁ, As tú mo Ṁac, a niúġ do ġin mé ṫú? Agus a ris, Biáiḋ mé um Aṫair aige, agus biáiḋ seision na Ṁac agumsa?


Aċd ris an Mac a deir sé, A Ḋía, máiriḋ do ċaṫaóir ríoġasa, go sáoġal na sáoġal: is slat ċóṁṫruim slat do ríoġaċdasa.


As tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur crúṫuiġeaḋ an doṁan tré ḃréiṫir Dé, ionnas go ndearnaḋ neiṫe sóḟaicsiġ do na neiṫiḃ dóḟaícsiġ.


Cionnas raċmáoidne as, má ḃíonn neaṁṡuim aguinn ann a ċoṁór so do ṡlánuġaḋ; noċ do tionnsgnaṁ do ṡeanmóruġaḋ ar tús ris an Dtíġearna féin, agus do deiṁniġeaḋ ḋúinn ris an druing do ċúaluiḋ é;


Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne.


Uime sin ó atá árdsagart mór aguinn, do ċúaiḋ a steaċ sna neaṁuiḃ, Iósa Mac Dé, congṁam go daingean ar nadṁáil.


Agus bíoḋ gur be an Mac é, dfoġluim sé úṁlaċd as na neiṫiḃ do ḟulaing sé;


Oír do ní an reaċd árdsagairt do ḋáoiníḃ ḃíos eugcruáiḋ; aċd do ní bríaṫar na mionn a ndiáiġ an reaċda ardsagart don Ṁac, noċ atá críoċnuiġ go síorruiḋe.


Gan aṫair, gan ṁáṫaír, gan ċineaḋ, gan tosaċ laeṫeaḋ, ná deireaḋ beaṫa aige; aċd ar na ċur a gcosaṁlaċd Ṁic Dé; fanuiġ sé na ṡagart go síorruiḋe.


(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó ṫús an doṁáin: aċd a nois do foillsiġeaḋ é éun uáir aṁáin a ndeireaḋ an tsáoġail, ċum an ṗeacuiḋ sgrios tré na ioḋbairt féin.


Noċ do hórduiġeaḋ roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁain, aċd do foillsiġeaḋ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa ar ḃur sonsa,


Ar mbeiṫ ḟios so aguiḃ ar tús, go dtiucfuid sna laéṫiḃ deiġeanaċ luċd sgige, leanfus dá nainmíanuiḃ féin,


Eaḋon go ndúḃraḋ riḃ go mbíaḋ luċ sgige sa naimsir ḋeiġeanuiġ, ag siúḃal do réir a nainṁían neiṁḋíaġa féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ