Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Micah 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Micah 7:3
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Druidiḋ sé a ṡuile do ṫriall neiṫe ccrosta, ag corruġaḋ a ṗuisíne do ḃeir sé olc ċum críċe.


Glacaiḋ an droċḋuine tioḋlacaḋ as a nuċt do ċláonaḋ sliġṫe an ḃreiṫeaṁnuis.


Atáid do ṗrionnsaḋa cogṫaċ, agus na ccompanaċaiḃ ag gaduiġṫiḃ: is ionṁuin le gaċ uile ḋuine cuṁa, agus imṫiġid a ndiáiġ na luáiġeaċt: ní ḃreaṫnuiġid an dilleaċda, agus ní ṫig cúis na bamtreaḃuiġ ċuca.


Oír, féuċ, tiucfa an TIĠEARNA amaċ as a áit do smaċduġaḋ áitreaḃaċ na talṁan arson a négceirt: léigfiḋ an talaṁ mar an ccéadna a fuil leis, agus ní ḟoileoċuiḋ sí a mairḃ ní sa ṁó.


Agus héid na daóine da ccráḋ, gaċ áon ó aroile, agus gaċ aón ó na ċoṁarsum: iomċoruiḋ an leanaḃ é fein go huáiḃreaċ a naġaiḋ an tsinnsir, agus an tuirísiol a naġaiḋ a nonóruiġ.


Is olc fós soiṫiġiḋ an tsantuiġ: tionscnuiḋ sé droiċṫionnscanta do scrios an ḃoiċd le bríaṫraiḃ bréagaċa, eaḋon a nuáir laḃras an teasḃuiḋeaċ go ceart.


Noċ ḟúagras an ciontaċ ceart áir ċeannaċ, agus ḃeirios ionnracus a nfíréin úaḋ!


An ccoinneoċuiḋ sé a ḟearg ċoiḋċe? an ccoinneoċa sé í go deireaḋ? Féuċ, a dúḃairt tú agus do rinne tú droiċneiṫe mar do ḟéad tú.


Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca.


Uimesin, do ḃéara misi a mná dfearuiḃ oile, agus a ḃfearuinn don druing ġéaḃus a noiġreaċt: óir atá gaċ uile ḋuine ón mbeag gus an ṁór ar na ṫaḃairt do ṡaint, on ḃfáiġ gus an sagart do ní gaċ uile ḋuine go bréagaċ.


Ionnadsa do ġaḃadar cuṁa ċum fola do ḋórtaḋ; do ġlac tu úsúireaċt agus biseaċ, agus do ġnoḋuiġ tú go sanntaċ ód ċoṁarsanuiḃ lé fóirneart, agus do ḋearmuid tú misi, a deir an Tiġearna DIA.


Is cosṁuil a prionnsaḋa iona lár ré madraḋuiḃ allta cíocraċ ċum creiċe, do ḋórtaḋ fola, agus do ṁarḃaḋ anmann, dfaġail tarḃa neiṁionnraca.


Féuċ, prionnsaḋa Israel, do ḃí gaċ áon aca ionnadsa do réir a ccuṁaċt do ḋórtaḋ fola.


Do ḃríġ gur ṡaiṫeaḃair le táoḃ agus lé slinnéun, agus gur ċnagaḃair na heasláin uile lé ḃur naḋarcaiḃ, nó gur scáinnreaḃair ó ċéile amaċ íad;


Annsin a duḃairt sé riom, Is anṁór éigceirt ṫiġe Israel agus Iúdah, atá an talaṁ lán dfuil, agus an ċaṫair lán durċóid: óir a deirid síad, Do ṫréig an TIĠEARNA an talaṁ, agus ní ḟaicionn an TIĠEARNA.


Atá a ndeoċ searḃ: do rinneadar stríopaċus a ccoṁnuiḋe: gráḋuiġid a húaċtaráin maille ré náire, Tugaiḋ uáiḃ.


Cuirid síad lúaṫġair air an ríġ le na cciontaiḃ, agus air na prionnsaḋuiḃ le na mbréuguiḃ.


Oír is aiṫnid daṁsa ḃur niomad ciontaḋ agus ḃur bpeacuiḋe an‐ṁóra: céusuid an fíréun, glacuid cuṁaiḋ, agus fillid an boċt do leaṫṫáoiḃ annsa ġeata.


Eaḋon le tamall ó ṡin atá mo ṗobal ag éirġe súas aṁuil náṁuid: beantaói an róba amaċ maille ris an cculaiḋ don droing ġaḃus láiṁ riḃ go suáiṁneaċ aṁuil daóine suáiṁneaċ ó ċogaḋ.


Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn.


Noċ ḟúaṫuiġios an ṁaiṫ, agus ġráḋuiġios an tolc, noċ ṫairngios a ccroicionn díoḃ, agus a ḃfeóil dá ccnáṁuiḃ;


Agus a duḃairt sé ríu, Créd do ḃéarṫáoi ḋaṁsa, agus braiṫfiḋ mé ḋáoiḃ é? Agus do ṁeaḋuiġeadar ḋó deíċ ḃpíosa ḟiċead airgid.


Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ