2 Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.
Luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ go diaṁair aṁuil leoṁan iona ḟúaṫais: luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ cum beirṫe air na boċduiḃ; beiríḋ sé ar an mboċd, a nuáir ṫairrngios sé é ċum a lín.
Agus héid na daóine da ccráḋ, gaċ áon ó aroile, agus gaċ aón ó na ċoṁarsum: iomċoruiḋ an leanaḃ é fein go huáiḃreaċ a naġaiḋ an tsinnsir, agus an tuirísiol a naġaiḋ a nonóruiġ.
Imṫiḋ an fíréun seaċad, agus ní ċuireann áonduine ann a ċroiḋe é: agus beirṫear na daóine trócaireaċa as, gan áonduine do ċur a suim go mbeirṫear na fíréin as ó nolc atá ag teaċt.
Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.
¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.
Déist misi agus do ċúala mé, aċt níor laḃradarsan go ceart: níor ġaḃ aiṫreaċus áonduine iona olc, ġa ráḋ, Cred do rinne mé? dfill gaċ áonduine da ċúrsa fein, mar sgeinneas an teaċ ċum an ċaṫa.
Ionnadsa do ġaḃadar cuṁa ċum fola do ḋórtaḋ; do ġlac tu úsúireaċt agus biseaċ, agus do ġnoḋuiġ tú go sanntaċ ód ċoṁarsanuiḃ lé fóirneart, agus do ḋearmuid tú misi, a deir an Tiġearna DIA.
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ, don ṗota aga ḃfuil an scim ann, agus naċ deaċaiḋ a scim as amaċ! taḃair amaċ é píosa air ṗíosa; ná tuiteaḋ crannċair ar ḃiṫ air.
Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.
Eaḋon le tamall ó ṡin atá mo ṗobal ag éirġe súas aṁuil náṁuid: beantaói an róba amaċ maille ris an cculaiḋ don droing ġaḃus láiṁ riḃ go suáiṁneaċ aṁuil daóine suáiṁneaċ ó ċogaḋ.
Oír ní ḃiáiḋ truáiġe agamsa ní is mó dáitreaḃṫaċaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA: aċt, féuċ, seaċoduiġ mé na daóine gaċ aon fa leiṫ a láiṁ a ċoṁarsan, agus a láiṁ a ríġ: agus buailfid síad an tír, agus ní ṡaórfa mé as a láiṁ íad.
Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.
Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.