Agus ná bíṫíse cosṁuil re ḃur naiṫreaċa, agus cosṁuil re ḃur ndéarḃráiṫriḃ, noċ do ṗeacaiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, noċ do ṡeaċaid íad ar a naḋḃarsin dá scrios, mar do ċíṫíse.
Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.
Agus a dúḃairt sé, Is ní éattrom go mbeiṫeása ad ṡeirḃíseaċ agumsa do ṫógḃáil tréaḃa Iácob súas, agus daiseág ar cuṁduiġeaḋ Disrael: do ḃéara mé fós ṫú mar ṡolus do na geintiḃ, ċor go maḋ tú mo ṡlánuġaḋ go teóruinn na talṁan.
¶ Féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttoigfe mé do Ḋáiḃi Beangán fíréunta, agus ríġfiḋ Ríġ, agus béara sé buáiḋ, agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus ceart annsa talaṁ.
Iarrfa mé an ní do ċuáiḋ a muġa, agus do ḃéara mé liom a rís an ní do díbreaḋ, agus ceangola mé súas an ní do briseaḋ, agus neartoċa mé an ní do ḃí tinn: aċt scriosfa mé an méuṫ agus an láidir; beaṫoċad íad le breiṫeaṁnus.
¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.
Uimesin fillfiḋ mé, agus do ḃéara mé marḃar liom iona am féin, agus mfíon iona am féin, agus ḃéara mé liom molann agus mo lion tugaḋ dfolaċ a tárrnoċduiġ.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.
Agus do ḋéana mé íarsma don ṁnaói do ḃí bacaċ, agus cineaḋ láidir ḋise do teilgeaḋ a ḃfad: agus ríaġloċṫaiġ an TIĠEARNA ós a ccionn a ṡaḃ Sion ó so amaċ go bráċ, agus ċoiḋċe.
Agus biáiḋ íarsma Iácob a measc ṁóráin daóine aṁuil drúċt ón TTIĠEARNA, aṁuil ceaṫa air an ḃféur, naċ ḃfanann re duine, agus naċ ḃfeiṫionn air ṁacaiḃ na ndaóine.
¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
Iosuiḋ tú, aċt ní ḃiáiḋ tú sáiṫeaċ; agus biáiḋ do ṫeilgion síos ann do lár; agus ḃéaruiḋ tú greim, aċt ní ṡáorfa tú; agus do ḃéara misi an ní ṡáorfas tú don ċloiḋeaṁ.
Agus nearteoċa misi tiġ Iúdah, agus sáorfa mé tiġ Ióseṗ, agus do ḃéara mé liom íad da suiġiuḋ; óir atá truáiġe agam ḋóiḃ: agus béid aṁuil naċ tteilgfinn uáim íad: óir is misi an TIĠEARNA a Ndía, agus éistfiḋ mé íad.
Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.