2 Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.
Agus ar mo ṡonsa, a nuáir ṫáinig mé ó Ṗádan, fúair Ráċel bás agum a ttír Ċánaain ann sa tsliġe, a núair naċ raiḃ aċ beagán sliġeaḋ re teaċd go Héṗrat; agus do aḋluic mé ann sin í, ar sliġe Eṗraṫ; agus sé sin féin Betelem.
Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:
Agus do ṫoġ Maóise dáoine iomċuḃuiḋ as Israel uile, agus do rinne sé naċdaráin díoḃ ós cionn an ṗobuil, uaċdaráin mileaḋ, naċdaráin ċéad, uaċdaráin ċaoġad, agus uaċdarain ḋeiṫneaṁuir.
Oír éireoċuiḋ sé súas as a ċoinne aṁuil plannda máoṫ, agus aṁuil fréuṁ as talaṁ ṫirim: ní ḃfuil cuma nó sgéiṁ air; agus núair ċinnd é, ní ḃfuil scíaṁ go níarrfamaóis é,
Agus buḋ díoḃ féin a núaisle, agus biáiḋ a núaċtarán as a lár féin; agus do ḃéara misi air teaċd a ngar, agus tiucfa sé láiṁ riomsa: óir cía hé so do ċuir a ċroiḋe a ngeall ċum teaċt láiṁ riomsa? a deir an TIĠEARNA.
Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód:
Bíḋ a mbruid, agus sáoṫruiġ breiṫ, a inġean Sion, cosṁuil re muáoi re níoḋnuiḃ: óir a nois raċaiḋ tú amaċ as an ccaṫruiġ, agus coiṁueoċa tú anusa ṁaċaire, agus raċa tú don Ḃabilóin; annsin sáorfuiġear ṫú; annsin ḟuáisceolus an TIĠEARNA ṫú ó láiṁ do náṁad.
¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.
¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.
Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.
Annsin do ġlac mé toġa ḃur ttreaḃ, dáoine críonna, agus aiṫeanta, agus do rinneas cinn díoḃ ós ḃur gcionnsa, caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċéud, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus caiptíniġ ós cionn deiṫneaṁair, agus óifigiḋ a measc ḃur ttreaḃ.
An ní do ḃí ann ó ṫús, an ní do ċúalamar, an ní do ċonncamar ré ar súiliḃ féin, an ní air ar ḟéuċamar, agus do ġlacadar ar láṁa, a dtáoḃ Ḃréiṫre na beaṫa;
Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.
Anois tárla annsna laéṫiḃ a raḃadar na breíṫeaṁuin na núaċdaráin, go raiḃ gorta sa dúiṫċe. Agus do ċuáiḋ duine áiriġ do Ḃetlehem‐Iúdah do ċoṁnuiḋe go tír Ṁoab, é féin, agus a ḃean, agus a ḋías mac.
Agus a duḃradar, a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ġeata, agus na seanóiriġ, Is fiaḋnuisi. Go ndéarna an TIĠEARNA an bean ṫáinic dot ṫiġ cosṁuil re Ráċel agus re Leah, noċ is iad an días sin do ċuir súas tiġ Israel: agus déanasa go mórḋa ann Eṗrátah, agus bí oirḋeirc a Mbetlehem.
Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.
¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.
Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.
Agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus cuirfe sé íad do ṡáoṫruġaḋ a ḟearuinn, agus do ḃuáin a ḟoġṁair, agus do ḋéanaṁ a ṫrealaṁ cogaiḋ, agus trealaṁ a ċarbad.