Agus biáiḋ eagla orra: géuḃuiḋ píanta agus doilġis greim ḋíoḃ; béid a bpein mar ṁnaói ag breiṫ: biáiḋ úaṫḃás aca iona ċéile; béid a naiġṫe mar lasraċa.
Uimesin atáid mo leasraċ lán do ṗéin: do ġlacadar píanta greim ḋíom, aṁuil píanta ṁná ré nioḋnuiḃ: do cromaḋ síos mé le na ċluinsion sin, do ḃí mé a naiṫṁeal le na ḟaicsin.
¶ Uimesin ná bíoḋ eagla ortsa, mo ṡeirḃíseaċ Iácob, a deir an TIĠEARNA; agus ná míṁisniġ, ó Israel: óir, féuċ, tárṫoċa misi ṫú a himċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaóirse; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ a súaiṁneas, agus a socaṁul, agus ní ċuirfe aóinneaċ eagla air.
Oír do ċúala misi gúṫ mar ṁnaoi ré nioḋnuiḃ, agus aṁuil goiṁ na mná ḃeirios a céidleanaḃ, gúṫ inġine Sion, noċ ċaóineas í féin, leaṫnuiġeas a láṁa, ġa raḋ, A ṫrúaiġe misi anois! óir atá manam coirṫe tres an luċd marḃṫa.
Féuċ gúṫ ċoṁairc inġine mo ḋaoine do ḃríġ na muinntire áitreahhus a ttir imċéin: Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ann Sion? naċ ḃfuil a ríġ inte? Cred as ar ḃrostuiġeadar misi ċum feirge le na níoṁáiġiḃ greanta, agus le díoṁaóineasuiḃ coiṁṫiġeaċa?
Ag breiṫe leiniḃ do ṁnáoi, bí sí a bpéin, óir ṫáinig a huáir: aċd tar éis leiniḃ do ḃreiṫ ḋi, ní ċuiṁniġeann sí a doilġeas ní as foide, lé gairdeaċus go rugaḋ duine ċum an tsáoġuil.