4 Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.
Agus, féuċ, is mían leam tiġ ċur súas dainm mo ṪIĠEARNA Dé, mar do laḃair an TIĠEARNA rem aṫair Dáiḃi ga ráḋ, Do ṁac, noċ ċuirfios mé ad ionad, ann do ċaṫaoir ríoġa, cuirfe sé tiġ súas dom ainmsi.
Annsa ló sin, ar sa TIĠEARNA na slóġ, áṫroċṫar an tairnge atá daingion annsa náit ḋaingin, agus geárrfuiġear síos é, agus tuitfiḋ sé; agus teilgfiġear an túalaċ ḋe do ḃí air: óir do laḃair an TIĠEARNA é.
Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;
Annsin ḃías háoiḃneas annsa TTIĠEARNA; agus do ḃéara misi ort marcuiġeaċd do ḋéanaṁ ar áitiḃ árda na talṁan, agus beaṫoċa mé ṫú a noiġreaċd Iácob haṫair: oir do laḃair béul an TIĠEARNA é.
Agus cuirfe mé súas áoḋaireaḋ ós a ccionn noċ ḃeaṫoċus íad: agus ní ḃéid eaglaċ ní sa mó, ní ḃéid anḃfann, agus ní ḃiáiḋ easḃuiġ orra, a deir an TIĠEARNA.
¶ Uimesin ná bíoḋ eagla ortsa, mo ṡeirḃíseaċ Iácob, a deir an TIĠEARNA; agus ná míṁisniġ, ó Israel: óir, féuċ, tárṫoċa misi ṫú a himċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaóirse; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ a súaiṁneas, agus a socaṁul, agus ní ċuirfe aóinneaċ eagla air.
Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu, agus do ḃéara mé air na droiċḃeaṫuiġiḃ cosc as an ttír: agus áitreoḃuid go daingion annsa ḃfásaċ, agus coideoluid annsna coilltiḃ.
Agus ní ḃéid ní is mó na ccreiċ ag na geintiḃ, ní mó ṡluigfid beaṫuiġe an ṁaġa íad; aċd coiṁneoċuid gan ḟaitċios, agus ní ċuirfiḋ duine ar bioṫ eagla orra.
Agus a déara tú, Raċa mé súas go tír na mbailteaḋ gan ḃallaḋa; raċa mé gó nuige an ṁuinntir atá na ccoṁnuiḋe, áitreaḃas go socair, íad uile ag áitreaḃaḋ gan ḃallaḋa, agus gan ḃarraḋa nó geataḋa aca,
Tar éis a náire diómċar ḋóiḃ, agus a ccionta uile lér ċiontuiġeadar am aġaiḋsi, an tan do ċoṁnuiġeadar daingean iona ndúṫaiġ, agus nár ċuir duine ar bioṫ eagla orra.
Agus do ḃéura misi síoṫċáin ánnsa tír, agus luiḋfiġe síos, agus ní ċuirfe éandunie eagla oruiḃ: agus coiscfiḋ mé droíċḃeaṫaíġ don dúṫaiġ, ní mó raċas an cloiḋeaṁ tré ḃur ḃfearann.
Ní ḋéana íarsma Israel éicceart ar bioṫ, ní mó laiḃeoruid bréaga; ní mó ġeaḃṫar teanga ċealgaċ iona mbéul: óir do ġeaḃuid beaṫa agus luiġfid síos, agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra.