Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Micah 4:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus béaruiḋ sé breiṫeaṁnus a measg ṁóráin daóine, agus iomaiṫḃirfiḋ sé cineaḋaċa neartṁara a ḃfad naṫa; agus buáilfid a ccloiḋṁṫe a niarrnaċ leisríġ, agus a ngaéṫe a gcorránuiḃ cnuaiscṫe: ní ṫóigfe cineaḋ cloiḋeaṁ a naġaiḋ ciniḋ, ní mó ḟoġlomfuid cogaḋ ní is mó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Micah 4:3
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Coisgiḋ, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ gur misi Día: biáiḋ mé ar márduġaḋ a measc na gcineaḋaċ, biáiḋ mé onóraċ air an ttalaṁ.


Do ḃeir sé fa deara cogaḋ do ċosc go críċ na talṁan; brisiġ sé an boġa, agus gearruiḋ an gaṫ ó ċéile; loisgiḋ sé na carbuid annsa teine, ag ráḋ,


Do ḃéuraid na sléiḃte síoṫċáin ċum na ndaóine, agus na cnoic ḃeaga, maille re ceart.


Iona láeṫaiḃsin bláiṫfid na fíréin; agus iomad síoṫċána an feaḋ ḃias án ġealaċ ann.


Eiriġ, a Ḋé, beir breiṫeaṁnus air an ttalaṁ: óir ġeaḃair oiġreaċt air a nuile ċineaḋ.


Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin.


Os coinne an TIĠEARNA; óir atá sé ag teaċd do ḃreiṫe air an ttalaṁ: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an ttalaṁ ré fíréuntaċd, agus air na poibleaċaiḃ ré ceart.


Agus breaṫnoċuiġ sé a measg na ccineaḋaċ, agus aiṫḃeoruiḋ mórán do ḋaoiniḃ: agus buailfid a ccloiḋṁṫe na suic ṡeisriġe, agus a ngáeṫe na corranuiḃ bearrṫa: ní ṫoigfe críoċ cloiḋioṁ súas a naġaiḋ ċriċe: agus ni ḟeġlumfuid cogaḋ ní as mó.


Uimesin ḋéanuid na daóine láidre do ġlóruġaḋ, eagloċuiḋ caṫair na ccineaḋaċ núaṫḃasaċ ṫú.


Atá mfíréantaċd a ḃfogus; do ċuáiḋ mo ṡlánuġaḋ amaċ, agus do ḋéanaiḋ mo láṁ breiṫeaṁnus ar an bpobal; féiṫṁid na hoileáin orum, agus ar mo láiṁ ḃías a ndóṫċus.


Oír an cineaḋ nó an rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ ḋuit sgriosfuiġear é; fáiseaċṫar fós; na cineadaċa sin uile.


Iosuiḋ an mactíre agus an túan a ḃfoċair a ċéile, agus íosuiḋ an leoṁan tuiġe mar an ndaṁ: agus buḋ lúaiṫreaḋ beaṫa na naiṫreaċ niṁe. Ní ġoirteoċuid agus ní ṁuirfid ann mo ṡlíaḃ náoṁṫasa uile, a deir an TIĠEARNA.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Agus annsa ló sin do ḋéana mé cunnraḋ ḋóiḃ ré beaṫaċaiḃ an ṁaċaire, agus ré héunlaiṫ neiṁe, agus ré neiṫiḃ snáiḋeaċ na talṁan: agus brisfe mé an boġa agus an cloiḋeaṁ agus an caṫ as an ttalaṁ amaċ, agus do ḃéara mé orra luiġe síos go suáiṁneaċ.


Ceangóla mé fós riom ṫú a nionnracus: agus aiṫeonuiḋ tú an TIĠEARNA.


Cruinneoċa mé fós a nuile ċinéul, agus do ḃéara mé síos íad go gleann Iehosaṗat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo ṗobail agus ar son moiġreaċda Israel, noċ do scáinreadar a measg na ccineaḋaċ, agus ar roinneadar mo ḋúṫaiġ.


Agus do ḋéana mé dioġaltas a ḃfeirg agus a ndíḃḟeirg air na geintiḃ, a leiṫéid naċ ccúaladar a ríaṁ.


¶ Annsin raċus an TIĠEARNA amaċ, agus troidfiḋ sé a naġaiḋ na ccineaḋaċso, aṁuil do ṫroid sé a ló an ċaṫa.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Biáiḋ fós aimsir, go ttiucfa iomad daoine, agus áitreaḃṫuiġ mórán caiṫreaċ:


Agus géarrfa mé an carbad ó Eṗraim, agus an teaċ ó Ierusalem, agus gearrfuiġear amaċ boġa an ċaṫa: agus laiḃeoruiḋ se síoṫċain ris na geintiḃ; agus biáiḋ a rioġaċd ó ṁuir go muir, agus ó naḃuin go críoċuiḃ na talṁan.


Ar an aḋḃar gur órduiġ sé lá, an a mbéura sé breaṫ ċoṁṫrom ar a tsáoġal tres an ḃfear úd do órduiġ sé; agus mar ḋearḃaḋ ar so do nuile ḋuine, ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḃ é.


Agus do ċonnairc mé neaṁ osguilte, agus féuċ eaċ ban; agus a sé dob ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air Díleas agus Fírinneaċ, agus is do réir ċeirt do ní breiṫeaṁnus agus cosgaḋ.


Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ