Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.
Agus do ċúaiḋ Iehu ṁac Hanani an féaċadóir amaċ na ċoinne, agus a duḃairt sé ris an ríġ Iehosaṗat, Ar ċóir ḋuitsi congnaṁ ris a nduine neiṁḋiaḋa, agus gráḋ do ṫaḃairt don luċd ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA? uimesin atá fearg riot ó laṫair an TIĠEARNA.
An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.
¶ A ṁairg don druing ġoireas don nolc maiṫ, agus don ṁaiṫ olc; agus ċuirios dorċadas ar son soluis, agus solus ar son dórċadais; agus ċuirios searḃus ar son millsi, agus millse ar son searḃuis!
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Ḃur mairḃ noċ do leagaḃair iona lár, is íadsin a nfeóil, agus isí an ċaṫairsi an coire: aċt do ḃéara misi ṫusa amaċ as a lár.
Eistiġsi an focalso, a ḃaṫ Básan, atá a slíaḃ Ṡamária, noċ ṡáruiġios an boċt, noċ ċrupas an riaċdanaċ, noċ a deir re na maiġistriḃ, Taḃruiġ, agus iḃeam.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
Eaḋon le tamall ó ṡin atá mo ṗobal ag éirġe súas aṁuil náṁuid: beantaói an róba amaċ maille ris an cculaiḋ don droing ġaḃus láiṁ riḃ go suáiṁneaċ aṁuil daóine suáiṁneaċ ó ċogaḋ.
Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.