Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Micah 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Do ṫeilgeaḃair amaċ mna mó ḋaóine ó na ttiġṫiḃ taitneaṁaċa; rugaḃair mo ġlóir ó na ecloinn go bráṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Micah 2:9
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus go maḋ beannuiġ ḃías a ainm glórṁar go bráṫ: agus líontar an talaṁ le na ġlóir; Amen, agus Amen.


Do milleaḋ mo ṫabernacuil, agus do briseaḋ mo ċórdaḋa uile: dimṫiġ mó ċlann amaċ asam, agus ní ḃfuilid ann: ní ḃfuil áon do ṡínfeaḋ mo lóistín amaċ ní as mó, agus do ċuirfeaḋ mo ċúirtíne súas.


¶ Agus suiḋeoċa mé mo ġlóir a measc na ngeinteaḋ, agus do ċífid na geinte uile mo ḃreiṫeaṁnus rug mé, agus mo láṁ do leag mé orra.


Do reacaḃair fós clann Iúdah agus clann Ierusalem ris na Gréagaċaiḃ, ċor go náitreaċaḋ siḃ íad a ḃfad ó na tteóruinn.


Noċ ṡéideanas déis luáiṫriġ na talṁan air ċeann an ḃoiċt, agus iompoiġios sliġe an ċeannsuiġ do leaṫṫáoiḃ: agus raċuiḋ duine agus a aṫair ċum na maiġdine, do masluġaḋ manma náoṁṫasa:


Agus santuiġid síad fearuinn, agus beanuid amaċ íad lé foiréigion; agus tiġṫe, agus beirid leó íad: marsin sáruiġid duine gun a ṫiġ, eaḋon duine agus a oiġreaċd.


¶ Oír líonfuiġior an talaṁ le héolus ġlóire an TIĠEARNA, mar ḟoluiġid na huisceaḋa a nfairge.


Oírbíaiḋ misi, a deir an TIĠEARNA, am ḃalla teineaḋ ḋi timċoill fa ccuáirt, agus biáiḋ mé am ġloír iona lár.


Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann.


Noċ ṡluigeas tiġe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ag úrnuiġe: do ġeuḃuid so an breiṫeaṁnus is truime.


Noċ ṡluigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ag urnuiġe: do ġeaḃuid so an dainnaḋ is truime.


Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.


Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.


Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ