Agus isé an Tiġearna DIA na slóġ ḃeanfas ris an ḃfearann, agus leaġfuiḋ sé e, agus caóiḋfiḋ a nuile ḋuine áitreaḃus ann: agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus biáiḋ báiḋte, mar ṫuile na Hégipte.
Do ṡeas sé, agus do ṫoṁais sé an talaṁ: dféuċ sé, agus do scáoil sé ó ċéile na cineaḋaċa; agus do spréiḋ sé na sleiḃte síoṫḃúana, do ċromadar na cnuic ṡíorruiḋe: atáid a ṡliġṫe gan ḟoirċeann.
Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.
A ṪIĠEARNA, a núair do ċuáiḋ tú amaċ as Seir, a nuáir do ċuáiḋ tú ar haġaiḋ as maċaire Edom, do ċrioṫnuiġ an talaṁ, agus do ṡileadar na neaṁa, agus na neóill mar an gcéadna do ṡileadar uisge.