Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 9:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do éiriġ néull do ċur sgáile na dtimċeall: agus táinic gúṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ag aṁarc ṫart dóiḃ ar an ḃall, ní ḟaca siad aoinneaċ ní ba ṁó aċt aṁáin Íosa ina dteannta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus, láiṫreaċ, d’ḟéaċadar ’n-a dtímpal agus ní ḟeacadar aoinne a ṫuille aċ Íosa aṁáin ’n-a ḃfoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 9:7
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Foillseoċa mé an reaċd: a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is tú mo Ṁac; a niuġ do ġin mé ṫú.


Atá néulla agus dorċadus fa ccuáirt na ṫimċioll: fíréuntaċd agus breiṫeaṁnus is áit a ċaṫaóir ríoġa.


Agus do ċoṁnuiġ glóir an TIĠEARNA ar ṡlíaḃ Sínái, agus do ḟoluiġ an néull é sé lá: agus an seaċdmaḋ lá do ġoir sé ar Ṁaóise amaċ as lár an néill.


Annsin do ḟoluiġ néull lóistin an ċomċruinniġ, agus do líon glóir an TIĠEARNA an tabernacuil.


Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.


Do ḃí a ḋóċus a Ndía; sáoraḋ sé é a nois, mas áill leis é: óir a duḃairt sé, Is misi Mac Dé.


Aċd ar ḃfaicsin an ċreaṫa talṁon, agus na neiṫeaḋ do éiriġ ann, don ċaptín agus dá raiḃ na ḟoċaír, ag coiṁéad Iósa, do ġaḃ eagla ṁór íad, ag ráḋ, Go fírinneaċ dob é so mac Dé.


Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.


Agus táinic guṫ ó neaṁ, Is tusa mo Ṁac gráḋaċsa, an a ḃfuil mo ṁór ṫoil.


Oír ní raiḃ a ḟios aige créd do laiḃéoraḋ sé; óir do ḃádar ar criṫ ré heagla.


Agus ar bféaċain na dtimċeall, go hobann dóiḃ, ní ḟacadar éin neaċ as sin súas, aċd Iósa na áonar na ḃfoċair.


Agus gur ṫuirrling an Spiorad Náoṁ a ḃfioġair ċorparḋa mar ċolum air, agus do dtáinic guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Is tú mo Ṁac gráḋaċsa; is ionnadsa a tá mo ḋeaġṫoil.


Agus do ċunnairc misi, agus do ním fíaḋnuisi gur ab é so Mac Dé.


Do ḟreagair Natánael agus a duḃairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.


A Aṫair, taḃair glóir dod ainm feín. Uime sin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Tugas glóir, agus do ḃéur glóir ḋó a ris.


Do ḟreagradar na Iúduiḋe é, Atá dliġeaḋ aguinne, agus do réir ar ndliġiḋ as coir ḋó bás dfaġáil ar son go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


Aċd atáid so sgríoḃṫa, ionnus go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideaḋ ḋíḃ go ḃfuiḋeaḋ siḃ beaṫa tré na ainmsion.


Ar a naḋḃarso as móide do smuáineadar na Iúdaiḋe eisean do ṁarḃaḋ, tré naċ é aṁáin gur ḃris sé an tsabboíd, aċd go nduḃairt sé fós gur bé Día a Aṫair féín, dá ḋéanaṁ féin coiṁ ionann ré Día.


Agus an Taṫair féin, do ċuir úaḋ mé, rug sé fíaḋnuisi leam. Agus ní ċúalaḃairse a ġúṫa ríaṁ, agus ní ḟacaḃair a ġné.


Agus créidmídne agus atá a ḟios aguinn gur tusa Críosd, Mac Dé ḃí.


Do ċuáluiḋ Iósa gur ṫeilgeadar amaċ é; agus mar ṫárla sé air, a duḃairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé?


Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do tógḃaḋ suás é, agus iádsan dá ḟeaċain; agus rug neúll as a naṁarc é.


A sé so an Máoise úd, noċ a duḃairt ré cloinn Israél, Tóigéuḃaiḋ Día ḃur Dtiġearna fáiḋ súas dáoiḃ da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar misi; éisdfiṡ siḃ ris.


Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag imṫeaċd sa tsliġe, tangadar ċum uisge áiriġe: agus a duḃairt an cailltéanaċ, Féuċ, an tuisge; créud ṫoirmisgeas mise ḃaisdeaḋ?


Do foillsiġeaḋ na Ṁac Dé a gcúṁaċdaiḃ, do réir spioraid na náoṁṫaċda, tré eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:)


Ar a naḋḃarsa as cóir ḋúinn aire roḋúṫraċdaċ do ṫaḃairt do na néiṫiḃ do ċúalamar, deagla a ligṫe ṫrínn dúinn uáir ar biṫ.


Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Ḋía Aṫar, an tan ṫáinic a ṡaṁuil so do ġúṫ ċuige ón nglóir ṁórġasin, Ag so mo Ṁac gráḋaċsa, ann a ḃfuil mo ḋeaġṫoil.


Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ