Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 9:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus dʼḟiafruiġ sé dá aṫair: Cad é an fad aimsire atá sé ó ṫárla seo dó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ina leanḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus ṫugadar ċuige é: agus nuair do ċonnaic an spioraid é, ar an láṫair do réab sí é go millteaċ, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus é ag ionfairt, agus cuḃar ar a ḃéal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’ḟiafraiġ sé de’n aṫair: Cad é an ḟaid aimsire atá ó ṫárla so ḋó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ’n-a leanḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 9:20
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do réub an spiorad neaṁglan é, agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, táinic se a maċ as.


Agus gaċ uile ḃall a mbeireann sé air, tairngiḋ sé as a ċéile é: agus cuiriḋ sé cuḃar ṫar a ḃéul, agus dó ní sé gíosgarnaċ lé na ḟlacluiḃ, agus téid sé a seirgṫeaċd: agus a duḃairt mé réd ḋeisciobluiḃsi a ċur a maċ as; aċd ċeann níor ḟéudadar.


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é.


Agus do ḟiafruiġ Iósa ḋá aṫair, Gá fad daimsir ó ṫárla so ḋó? Aċd a duḃairt seision, O ḃí sé na leanaḃ.


Agus ar néiġeaṁ ḋó, agus ar na ṫarrang as a ċéile go ro úaṫḃásaċ, do ċúaiḋ sé a maċ as: agus do ḃí sé a rioċd ṁairḃ; ionnas go nduḃradar mórán, Go ḃfúair sé bás.


Agus do imḋearg Iósa é, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. Agus do imṫiġ an deaṁan as, ar na ṫrasgairt go lár, gan díoġḃáil ar biṫ do ḋéanaṁ ḋó.


Oir do aiṫin sé don spiorad neaṁġlan dol as an duine. Oír is iomḋa uáir do ḃeireaḋ sé sioṫaḋ air: agus do ċeangluiḋ le slaḃraiḋiḃ agus do coiṁéaduiḃ le géiṁleaċuiḃ é; agus ar mbriseaḋ na gcuiḃreaċ ḋósan, do ṫiománaḋ an deaṁan fá na fasaiġiḃ e.


Agus, féuċ, beiríḋ an spiorad air, agus éiṁiġ sé go hobann; agus tairrngiḋ sé as a ċeile é ag cur cuḃair amaċ, agus is ar éigin ḟágfas sé é tar éis a ċoṁmbrúġaḋ.


Agus ad teaċd ċuige ḋó, do ḃúail an deaṁan síos é, agus do ṫarruing sé as a ċeile é. Aċd do imḋearg Iósa an spiorad neaṁglan, agus do leiġis sé an leanaḃ, agus ṫug sé ḋá aṫair fein é.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ