Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 9:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus gaċ uile ḃall a mbeireann sé air, tairngiḋ sé as a ċéile é: agus cuiriḋ sé cuḃar ṫar a ḃéul, agus dó ní sé gíosgarnaċ lé na ḟlacluiḃ, agus téid sé a seirgṫeaċd: agus a duḃairt mé réd ḋeisciobluiḃsi a ċur a maċ as; aċd ċeann níor ḟéudadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: A ġlúin gan ċreideaṁ, cá ḟad a ḃéas mé i ḃur measc? Cá ḟad a ḟulaingeoċas mé siḃ? Beirigiḋ ċugam é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cuḃar as a ḃéal, agus do‐ġní sé gíoscán le n‐a ḟiaclaiḃ, agus atá sé ag cnaoi: agus do laḃras led’ ḋéisceablaiḃ ’g‐a iarraiḋ orṫa a díbirt amaċ as; agus níor ḟéadadar‐san a ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt gan creideaṁ, cad é an ḟaid a ḃeiḋ mé eadraiḃ? Cad é an ḟaid a ḋ’ḟuilingeóċad liḃ? Tugaiḋ ċúġam-sa é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 9:18
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Stíalluiḋ sé mé iona ḟeirg, an té ḟuaiṫiġios mé: do ní sé gíoscán le na ḟiaclaiḃ orum; géuruiġ mo náṁuid a ṡúile orum.


Ċífe an peacaċ sin, agus biáiḋ fearg air; do ḋéana sé díosgán ré na ḟíacluiḃ, agus leiġfe sé: meiṫfe mían an ṗeacaiḋ.


Agus, féuċ, ṫáinic bean do Ċánaan ó na crióċaiḃ sin, agus do éiġ si, ag ráḋ ris, Déana trócaire oram, a Ṫiġearna, a ṁic Daiḃí; a tá ṁinġean ar na búaiḋreaḋ go mór ó ḋeaṁan.


Agus do ṫairg mé dod ḋeisciobluiḃsi é, agus níor ḟéadadar a leiġeas.


Agus teilfiḋṫear clan na ríoġaċda sa dorċadas atá léiṫ a muiġ: biáiḋ ann sin gul agus gearraḋ fíacal.


Oír go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Giḋ bé neaċ a déura ris an tslíaḃ so, Togṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairrge ṫú; agus náċ bía cunntaḃáirt aige an a ċroiḋe, aċd go gcreide sé go dtiucfaid na neiṫe a deir sé ċum críċe; teigéuṁaiḋ ḋó gaċ ní a déura sé.


Agus ar ḃfreagra do neaċ don tslúaġ a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, tug mé mo ṁac ċugad, an a ḃfuil spiorad balḃ;


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é.


Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul.


Agus ar néiġeaṁ ḋó, agus ar na ṫarrang as a ċéile go ro úaṫḃásaċ, do ċúaiḋ sé a maċ as: agus do ḃí sé a rioċd ṁairḃ; ionnas go nduḃradar mórán, Go ḃfúair sé bás.


Agus ar na gclós só ḋóiḃsion, do goinaḋ ann a gcróiḋṫiḃ íad, agus do ḃádar ag cognaṁ a ḃfiacal na aġaiḋ.


Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ