Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Óir an té a mbéiḋ náire air fúm-sa agus faoi mo ḃriaṫar san ġlúin aḋaltrannaiġ ṗeacaṁail seo, béiḋ náire ar Ṁac an Duine faoi-sean fosta, nuair a ṫiocfas sé le n-a aingle naoṁṫa i nglóir a Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Óir an t-é go mbeiḋ náire air mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre i láṫair an tsleaċta so atá aḋaltranaċ peacaṁail, beiḋ náire ar Ṁac an Duine uime sin nuair a ṫiocfaiḋ sé i nglóire a Aṫar i ḃfoċair na n-aingeal naoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:38
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.


Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.


Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd.


Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ:


Cuirfiḋ Mac an duine a aingil féin, agus cruinneoċuid síad as a rioġaċd gaċ uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;


Oír tiocfuiḋ Mac an duine a nglóir a Aṫar féin maille lé na aingliḃ; agus do ḃéara sé an tráṫsin dá gaċ neaċ do réir a ġnioṁarṫa.


Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid do luċd a tá na seasaṁ ann so, naċ blaisfiḋ bás, no go ḃfaicid Mac an duine ag teaċd ann a rioġaċd féin.


Iárraiḋ an droiċċineaḋ aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋó, aċd coṁarṫa Iónás an fáiḋ, agus ar ndealuġaḋ ríu, do imṫiġ sé.


Ann sin do ċífiḋṫear coṁarṫa Ṁic an duine ar neaṁ: agus ann sin caóifid treaḃa na talṁan uile, agus do ċífid Mac an duine ag teaċd a néullaiḃ neiṁe maille ré cuṁaċdaiḃ agus ré glóir ṁóir.


Agus an tráṫ ṫiocfas Mac an duine an a ġlóir féin agus na haingil náoṁṫa uile maille ris, ann sin suiḋfiḋ sé ar ċaiṫír a ġlóire féin:


A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe.


Agus a deir Iósa ris, Atáid fúaċaisiġe ag na sionnċaiḃ, agus neid ag eanlaiṫiḃ a naiéir; aċd ní ḃfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeaḋ sé a ċeann.


Agus ann sin do ċifid síad Mac an duine ag teaċd ann sna néulluiḃ maille ré cuṁaċdaiḃ móra agus ré glóir.


Agus do ḟreagair Iósa, Is mé: agus do ċífiḋesí Mac an duine na ṡuiḋe air deis ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd lé néulluiḃ neiṁe.


Nó créd í maluirt do ḃéuraḋ éinneaċ ar son anma féin?


Oír a deirin riḃ, Gur ab do gaċ áon agá ḃfuil do ḃéarṫar; agus an té ag naċ ḃfuil, beanfuiġear ḋe fós an ní atá aige.


Oír giḋ bé le buḋ nár misi agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an duine eision, an tráṫ ṫiocfas sé ann a ġloír fein, agus Aṫar, agus na naingeal náoṁṫa.


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃfaicfiḋe ó so amaċ neaṁ osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teaċd a núas ar Ṁac an duine.


Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?


Agus fós tug se uġdarras do ḃreiṫeaṁnus do ḋéunaṁ, an méid gur ab é Mac an duine.


Agus a duḃradarsan, Cornélius an caiptín, duine coṁṫrom, air a ḃfuil eagla Dé, agus fear deaġṫeasda ag an gcineaḋ Iúdaiġe uile, fuáir sé fógra ó Ḋía tré aingeal náoṁṫa fios do ċur ortsa dá ṫiġ féin, agus éisdeaċd ré briaṫra úaitse.


Ar a naḋḃarsin do imṫiġeadar san go lúaṫġáireaċ as aṁarc na cóṁairle, do ḃríġ gur measaḋ gur ḃfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.


Oír ní ḃfuil náire óram fá ṡoisgéal Ċríosd: do ḃriġ gur ab é cúṁaċd Dé é ċum slánaiġe dá gaċ áon ċreideas; don Iúdaiġe ar tús, agus fós don Ġréugaċ.


Giḋeaḋ nár léige Día go ndéanuinnse mórḋáil, aċd as croiṫ ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuil an sáoġal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoġal.


Agus a duḃairt sé, Ṫainic an TIĠEARNA ó Ṡínai, agus do éiriġ ḋóiḃ súas ó Ṡeir; do ḋealruiḋ sé amaċ ó ṡlíaḃ Páran, agus ṫainic maille le deiċ míle dá náoṁuiḃ: ó na ḋeasláiṁ do ċuáiḋ dliġeaḋ tinntiġe orra.


Oír créd í ar muiniġin, nó ar ngáirdeaċas, no ar gcoróin ġlóire? A né naċ siḃse íad a ḃfíaḋnuise ar Dtiġearna Iósa Críosd agá ṫeaċd?


Ċum ḃur gcroiḋeaḋ do ḋaingniuġaḋ neimċiontaċ a náoṁṫaċd a ḃfiaḋnuisi Dé eaḋon ar Naṫar, a dteaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré na nuile náoṁuiḃ.


An taḋḃar fá a ḃfuilim ag fulang na neiṫeannsa: giḋeaḋ ní ḃfuil aḋnáire oram: oír atá a ḟios agum cía ḋár ċreid mé, agus as deiṁin leam gur féidir leis an ní dfág mé táoḃ ris do ċoiṁéud fa ċóṁair an láoi úd.


Go dtuguiḋ Tiġearna na trócaire do ṫiġ Onesiṗoruis; óir tug sé fúaraḋ go minic ḋaṁsa, agus níor ġaḃ aḋnaire é f ṡláḃraḋ:


Uime sin ná bíoḋ aḋnáire ort fá ḟíaḋnuise ar Dtíġearna, ná am ṫimċiollsa priosúnaċ ar a ṡon: aċd bíoḋ do ċuid agad do ḃuáiḋirt an tsoisgéil do réir ċúṁaċd Dé;


Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ.


Ar na ṁeas dó gur ṁó an saiḋḃreas masla Ċríosd ná ionnṁas ná Héigipte: óir do ḃí súil aige ris an lúaċ sáoṫair.


Ar a náḋḃarsin imṫiġeam amaċ as an gcampa ċuigesion, ag iomċur masla air a ṡon.


A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.


Giḋ bé ṡéunas an Mac, ní ḃfuil an Taṫair aige: giḋ bé adṁuiġeas an Mac atá an Taṫair aige mar an gcéudna.


Agus a nois, a ċlann ḃeag, déunuiġ coṁnuiġe annsan; ionnas, an tan ḟoillseóċar é, go mbiáḋ dánaċd aguinn, agus naċ mbiáiḋ náire oruinn na ḟiaḋnuise an tan ṫiucfas sé.


I ḃfiḋ an tise fós dfíon ḟeirge Dé, do nfíon ġlan líontar a gcupán a ḟeirge; agus do ġeaḃuiḋ a ṗíanaḋ a dteine agus a ruiḃ a ḃfiaḋnuise na naingeal náoṁṫa, agus a ḃfíaḋnuise a Nuáin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ