Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar ngairm an tslúaiġ agus a ḋeisciobail ċuige ḋó, a duḃairt sé ríu, Giḋ bé lé nab aill misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋó féin, agus tógḃaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ar ċruinniuġaḋ an tsluaiġ mar aon le n-a ḋeisciobail le ċéile dó, duḃairt sé leo: Máʼs toil le h-aoinneaċ mise a leanaṁaint, diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus ġlaoiḋ sé ċuige na daoine agus a ḋeisgiobuil i n-aonḟeaċt, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanṁaint, séanaḋ sé é féin, agus glacaḋ sé ċuige a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:34
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gur stiall mé an rioġaċd ó ṫiġ Ḋáiḃi, agus go ttug mé ḋuítsi í: agus fós naċ raiḃ tú mar mo ṡearḃḟoġantniġ Dáiḃi, noċ do ċoiṁéud maiṫeanta, agus do lean mé ré na uile ċroiḋe, do ḋéanaṁ an ní si aṁáin noċ fá ceart am raḋarcsa;


Aċd mo ṡerḃíseaċ Caleb, do ċionn go raiḃ aiṫearraċ spioraid ann, agus gur lean sé misi go hiomlán, béura mé eision don dúṫaiġ iona ndeaċaiḋ sé; agus sealḃoċuid a ṡlioċd é.


Agus an té naċ nglacann a ċros, agus naċ leanann misi, ní fíu e misi.


A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi.


Agus ar ndul a maċ ḋóiḃ, fúaradar óglaċ ó Ṡírene, dar ḃaimn Símón: agus do ċuireadar dfíaċuiḃ air dul leis do ċum a ċroiċe diomċar.


Aċd ar ḃféuċain Díosa air, tug sé graḋ ḋó, agus a duḃairt sé ris, A tá én ní duireasḃuiḋ ort: imṫiġ, reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċdaiḃ, agus do ġéuḃa tú cisde ar neaṁ: agus tárr, tóg do ċros, agus lean misi.


Agus ar ngairm an tslúaiġ uile ċuige, a duḃairt sé ríu, Eisdiġ riumsa uile, agus tuigiḋ:


Déanuiḋ ḃur ndiṫċeall ar ḋul a sdeaċ sa doras ċuṁann: óir a deirim riḃ, Is iomḋa dáoine iárrfas dul a sdeaċ, agus naċ búḋ éidir leó:


Mar an gcéadna, gaċ uile ḋuine agaiḃsi naċ díultann ḋá ḃfuil aige, uí héidir ḋó ḃeiṫ na ḋeisciobal agamsa.


Agus ar na cclos so Díosa, a duḃairt sé ris, Atá éinni fós duireasḃuiḋ ort: reac a ḃfuil agad, agus roinn ar na boċduiḃ, agus bíaiḋ cisde ar neaṁ agad: agus tárr, lean misi.


Agus a néisdeaċd an ṗobuil nile a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ féin,


Agus a duḃairt sé riá uile, Maḋ áill ré héinneaċ misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋo féin, agus toġbaḋ sé a ċros gaċ láoi agus leamaḋ sé misi.


Do ċluinid mo ċáoiriġsi mo ġúṫ, agus aiṫniġim iád, agus leanuid síad me:


Agus ag iomċar a ċroiċe ḋó do ċúaiḋ sé amaċ don áit dá ngoirṫear ait na cloigne, dárab ainm a Neaḃrais Golgota:


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Ar mbeiṫ ḟios so aguinn, go ḃfuil ar seanduine ar ná ċéusaḋ maráon rision, do ċum go sgriosfuiḋe corp an ṗeacaiḋ, ionnus náċ déanamaóis seirḃis ó so súas don ṗeacaḋ.


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Dar ḃur ngáirdeaċusa noċ atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtiġearna, do ġeiḃim bás gaċ laói.


Uime sin, dá dtugaiḋ bíaḋ aḋḃar oilḃéime dom ḋearḃráṫair, ni íosaíḋ mé feól go bráṫ, ionnus naċ dtiuḃruim aḋḃar oilḃéime dom ḋearḃráṫair.


Oír bíoḋ go ḃfuilim sáor ó na huile ḋáoiniḃ, do rinne mé searḃḟoġantuiḋe ḋíom féin do na huile ḋáoiniḃ, ċum ní sa ṁó do gnoḋuġaḋ ḋaṁ.


Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.


Oír an drung as le Críosd do ċeusadar an ċolan maille ré na toil agus ré na míanġusuiḃ.


Giḋeaḋ nár léige Día go ndéanuinnse mórḋáil, aċd as croiṫ ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuil an sáoġal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoġal.


Ionnus go mbíaḋ aiṫne agum airsion, agus ar ċúṁaċd a eiséirġe, agus ar ċumann a ṗeannuiḋe, ar mbeiṫ ḋaṁ dom ċur a gcosaṁlaċd ċroṫa ré na ḃás;


Aċd na neiṫe do ḃí na néudáil agam, do ṁeas mé gur ḋioġḃáil íad ar son Ċríosd.


Noċ do ní a nois gairdeaċas ann sna neiṫiḃ ḟuilingim ar ḃur sonsa, agus ċoiṁlíonas fuiġeall buáiḋearṫa Ċríosd am ḟeóil ar son a ċuirpsion, eaḋon a neagluis:


Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ:


Oír do ċluinmíd go ḃfuilid daóine áiriġe ag siúḃal eadruiḃ go míriaġalta, naċ déun obair ar bíṫ, aċd ṡáiṫeas íad féin a neiṫiḃ naċ beanann ríu.


Ag taḃairt teagusg ḋúinne, fá neaṁḋíaġaċd agus ainmbían a tsáoġáilse do ṡeaċna, agus fa ar mbeaṫa do ċaiṫeaṁ ḋúinn go measarrġa, agus go cóṁṫrom, agus godíaġa, sa tsáoġalsa a láṫair;


Ar a náḋḃarsin imṫiġeam amaċ as an gcampa ċuigesion, ag iomċur masla air a ṡon.


Uime sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiriḋse an smuáineaḋ céudna na arm iomuiḃ: eaḋon an tí dfulaing sa gcoluinn gur sguir sé ó ṗeacaḋ;


Aċd go maḋ haóiḃinn liḃ, siḃ féin fo ḃeiṫ pártaċ ré buáiḋearṫuiḃ Ċríosd; ionnus, go mbiáiḋ gáirdeaċas agus meanma ṁór oruiḃ mar an gcéudna, an tan ḟoillséoċar a ġlóirsion.


Ar mbeiṫ a ḟeasa agum gur fogas daṁ ám sgáoilte mo ḃoiṫe, aṁuil fós do ṫaísbéin ar Dtíġearna Iósa Críosd ḋaṁ.


Is as so is aiṫniġ ḋúinn gráḋ Dé, gur ċuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíaċuiḃ oruinne ar nanmanna do ċur síos ar son ar ndearḃraiṫreaċ.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ