Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus do ċuir sé ḋá ṫiġ féin é, ag ráḋ, Na himṫiġ don ḃaile úd a sdeaċ, agus ná hinnis so déanduine sa ḃaile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus ċuir sé aḃaile ċun a ṫiġe féin é, ag ráḋ: Imṫiġ aḃaile ċun do ṫiġe féin, agus má ṫéro tú isteaċ san ḃaile, ná h-innis dʼaoinneaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus do ċuir sé aḃaile é ċum a ṫiġe féin, agus aduḃairt sé leis, Ná téiġir isteaċ sa mbaile beag ar aon ċor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus ċuir sé an duine ċun a ṫiġe féin agus duḃairt sé leis: Imṫiġ ċun do ṫiġe, agus má ṫéiġeann tú isteaċ sa tsráid ná h-innis d’aoinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:26
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne sé bagar orrṫa do ċum naċ déanaidís follus é.


Agus a deir Iósa ris, Taḃair dod aire gan innisin do ḋuine ar biṫ; aċd imṫiġ, taisbean ṫú féin don tsagart, agus beir ċuige an tioḋlacaḋ do aiṫin Máoisi, mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.


Agus do hosglaḋ a súile; agus do ḃagair Iósa go géur orrṫa, ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋa ḃur naire naċ ḃfuiġe duine ar biṫ a ḟios so.


Agus do aiṫin sé ḋíoḃ do roiġéur, gan a ḟios so do ṫaḃairt déanduine; agus a duḃairt sé ní do ṫaḃairt don ċailín ré a iṫe.


Agus do aiṫin sé ḋíoḃ gan sin dinnisin déainneaċ: aċd ni ḃfuil dá ṁéud dá dtoirmíosgaḋ seisean, naċ móide go mor dfoillsiġidsion é;


Agus ar mbreiṫ ar láiṁ an doill dó, do ṫreóruiġ sé as an mbaile a maċ é: agus ar gcur a ṡeile ar a ṡúiliḃ, agus ar gcur a láṁ air, do ḟíafruiġ sé ḋe an ḃfacuiḋ sé én ní.


Na ḋíaiġ sin, do ċuir sé a láṁa a rís ar a ṡúiliḃ, agus tug sé fá deara ḋó a ṡúile do ṫógḃail súas: agus do haiseagaḋ a raḋarc ḋó, agus do ċonnairc sé cáċ uile go soilléir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ