Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 7:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ gan sin dinnisin déainneaċ: aċd ni ḃfuil dá ṁéud dá dtoirmíosgaḋ seisean, naċ móide go mor dfoillsiġidsion é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus dʼórduiġ sé dóiḃ gan é dʼinnse dʼaoinneaċ. Aċt dá ṁéid a dʼórduiġ sé dóiḃ, is aṁlaiḋ is mó a ċraoḃscaoil siad é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan a innsint d’aoinneaċ: aċt ní ḟuil d’á ṁéid d’órduiġ sé ḋóiḃ é, naċ aṁlaiḋ ba ṁó d’ḟógruiġeadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus ḋ’órduiġ sé ḋóiḃ gan é ḋ’innsint d’aoinne. Aċ d’á ṁéid a ḋ’órduiġ sé ḋóiḃ é iseaḋ is mó a ḋ’innseadar é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 7:36
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a deir Iósa ris, Taḃair dod aire gan innisin do ḋuine ar biṫ; aċd imṫiġ, taisbean ṫú féin don tsagart, agus beir ċuige an tioḋlacaḋ do aiṫin Máoisi, mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.


Aċd do ḃagair séisean go mór orrṫa, do ċum naċ ḃfoilseoċaidís é.


Agus do aiṫin sé ḋíoḃ do roiġéur, gan a ḟios so do ṫaḃairt déanduine; agus a duḃairt sé ní do ṫaḃairt don ċailín ré a iṫe.


Agus ar an mball do hosglaḋ a ċlúasa, agus do sgáoileaḋ cuiḃreaċ a ṫeangaḋ, agus do laḃair sé go ceart.


Agus do ġaḃ iongantus roṁór íad, agus a duḃradar, Do rinne sé gaċ uile ní go maiṫ: do ḃeir sé fá deara go gcluinid na boḋair, agus go laḃruid na bailḃ.


Agus do ċuir sé ḋá ṫiġ féin é, ag ráḋ, Na himṫiġ don ḃaile úd a sdeaċ, agus ná hinnis so déanduine sa ḃaile.


Agus ag teaċd dóiḃ a nuas on tslíaḃ, do áiṫin sé ḋíoḃ gan na neiṫe do ċonncadar dinnisin déin neáċ, no go neiséirġeaḋ Mac an duine ó ṁarḃuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ