Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 7:33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus ar na ḃreiṫ leis fó leiṫ ón ṗobal, do ċuir sé a ṁéir ann a ċlúasaiḃ, agus ag seileaġ ḋó, do ḃean sé ré na ṫeanguiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus ġá ṫaḃairt i leaṫ taoiḃ óʼn tsluaġ dó, ċuir sé a ṁéara ina ċluasa, agus ag caiṫeaṁ amaċ seileoige dó, ḃain sé le n-a ṫeangaiḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus ṫug sé leis i leaṫtaoiḃ é ó’n sluaġ, agus do ċuir sé a ṁéireanna isteaċ ’n‐a ċluasaiḃ, agus do ċaiṫ sé seile, agus d’ḟliuċ sé a ṫeanga;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus ṫóg sé leis i leiṫ taoiḃ é ó’n sluaġ, agus ċuir sé a ṁéireana isteaċ ’n-a ċluasaiḃ, agus ċuir sé seile amaċ agus ċuir sé an seile ar ṫeangain an duine,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 7:33
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ċuir an TIĠEARNA a láṁ amaċ, agus do ḃeain rem ḃéul. Agus a dúḃairt an TIĠEARNA riom, Féuċ, do ċuir mé mo ḃríaṫra ad ḃéul.


Ann sin do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ an a éadan, agus do ġaḃadar dream eile do ṡlataiḃ air,


Agus do rinneadarsan fónaṁad fáoi. Aċd ċeana ar gcur ċáiċ uile a maċ ḋósan, beiriḋ sé aṫair agus máṫair an ċailín leis, agus an dream do ḃí na ḟoċair féin, agus téid sé a sdeaċ mar a raiḃ an cailín na luiġe.


Agus ar mbreiṫ ar láiṁ an doill dó, do ṫreóruiġ sé as an mbaile a maċ é: agus ar gcur a ṡeile ar a ṡúiliḃ, agus ar gcur a láṁ air, do ḟíafruiġ sé ḋe an ḃfacuiḋ sé én ní.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ