Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 7:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Goro, sainnt, rógaireaċt, feall, neaṁġlaine, droċ-ṡúil, diaṁasla, díomas, baois.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 agus aḋaltrannas, agus sainnt, agus cuirpṫeaċt, agus cealg, agus ainṁian, agus droċ‐ṡúil, agus dia‐ṁaslaḋ, agus uaḃar, agus baois:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Guid, saint, éagcóir, feall, mí-ġeanmnaiġeaċt, droċ-ṡúil, diaṁasla, uaḃar, mí-ċiall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 7:22
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Aċt ċeana a ttáoḃ ṫeaċtaḋ ṗrionnsaḋ na Baibilóine, noċ do ċuir teaċta ċuige dfaġáil sgéul a niongnuiḋ do rinneaḋ annsa tir, do léig Día na leiṫ féin, é, da ḋearḃaḋ, ċor go mbeiṫ fios a nuile ni da raiḃ iona ċroiḋe aige.


Ní ḋéan an ciontaċ, tre úaḃar a ġnúisi, lórgaireaċd a ndiáiġ Dé; ní ḃfuil Dia iona uile smuáintiġiḃ.


Cláon mo ċroiḋe ċum ṫfiaġnuiseaḋ, agus ní ċum sainte.


Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.


Bí leiṁe ceangailte a ccroiḋe leiniḃ; aċt cuirfiḋ slat an smaċtuiġṫe a ḃfad úaḋ í.


Ná hiṫse arán na droċṡúl, agus ná dúiliġ a ḃíaḋa millsi:


Is peacaḋ smuáineaḋ a neiṁġliocuis: agus is aḋḟúaṫṁaireaċt an tarcuisneaċ do na daoiniḃ.


Bíoḋ go mbrúiġfeá amadán a moirtéul a measg ċruiṫneaċta lé pestel, ṫairis sin ní ḋeileoċuiḋ a amadánaċd ris.


Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.


¶ Ṫug mé mo ċroiḋe dfaġáil eoluis, agus do spíonaḋ, agus díarruiḋ eagna, agus réusuin neiṫeaḋ, agus dfios urċoide na leiṁe, eaḋon na hamadánaċda agus na buile:


A sáruġaḋ agus a mbréagaiḃ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus a nimṫeaċd ar siuḃal ó ar Ndía, ag laḃairt leaṫtruim agus easuṁla, ag tionnscnaṁ agus ag laḃairt ó ċroiḋe bríaṫra bréagaċa.


Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.


¶ Atá an croiḋe cealgaċ ós cionn gaċ uile neiṫe, agus ro urċóideaċ: cía ḟéadas a ḟios do ḃeiṫ áige?


A né naċ ceaduiġeaċ ḋaṁsa an ní is toil leam féin do ḋéanaṁ rém ċuid féin? An ḃfuil do ṡúilsi go holc, air son go ḃfuilimsi maiṫ?


Aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biaiḋ do ċorp uile dorċa. Air a naḋḃarsin ma atá an solus atá ionnad na ḋorċadus, créud é méud an dorċaduis sin!


Oir is ón táoḃ a sdiġ, ó ċroiḋe na ndáoine, ṫigid na droċsmúaintiġe, aḋaltrannas, sdríopaċus, dúnṁarḃṫa,


Tigid na huilesi uile ón táoḃ a sdiġ, agus salċuid an duine.


Ag cur ṫeilgin na hinntinne ar gcúl, agus gaċ uile áirde dá nárduiġeann é féin a naḋuiġ éolais Dé, agus ag breiṫ gaċ uile smuáintiġe a mbráiġdeanus ċum úṁluiġṫe do Ċríosd.


Taḃair haire naċ biaḋ smuaintiuġaḋ ad ḋroċċroiḋe, ġa ráḋ, Atá an seaċdṁaḋ blíaḋan, blíaḋan an ṁaiṫṁeaċuis, ag druidion rinn; agus naċ biáiḋ do ṡúil go hole a naġuiḋ do ḋearḃraṫar ḃoiċt, agus naċ ttiuḃra tú éinní ḋó; agus go néiġfiḋ sé ar an TTIĠEARNA a taġaiḋ, agus go mbía na ṗeacaḋ ort.


Ionnus an té ḃías máoṫ ḃur measg, agus ro ḋeaġṁaiseaċ, go mbía a ṡúil go holc a ttaoḃ a ḋearḃráṫar, agus a ttaoḃ ṁná á ḃrolluiġ, agus a ttaoḃ na bfuiġioll dá ċloinn ḟúigfios sé:


An ḃean ṁáoṫ ṁaiseaċ ḃías ḃur measc, naċ luaiġfeaḋ bonn a coisi do ḃuain ré taluṁ lé fínialtas, agus lé riṁeiġe biáiḋ a súil go holc a ttaoḃ ḟír á brolluiġ, agus a ttaoḃ a mic, agus a ttaoḃ a hinġine,


Oír is mar sin ag déunaṁ maiṫeasa ḋíḃ, as toil lé Día srían do ċur ré hainḃfios na ndaóineaḋ éigcéilliḋe:


Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ