Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:56 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

56 Agus giḋ bé bailte, nó caiṫreaċa, no dúṫaiġ, an a ndeaċuiḋ sé a sdeaċ, do ċuirdís na dáoine tinne ar na sráidiḃ, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduiġ a ṁáin: agus an ṁéid do ċumail ris fúaradar a slainte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

56 Agus cibé áit ina dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailte, nó i ḃfeirmeaċa, nó i gcaṫraċa, leagaḋ siad na daoine breoiḋte ar na sráiḋeaċa, agus dʼiarraḋ siad air leigint dóiḃ baint fiú le feaiṫim a éidiḋ; agus an méid a ḃain, rinneaḋ slán iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

56 Agus cibé áit ’n‐a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailtiḃ beaga, nó i gcaṫraċaiḃ, nó fá’n tuaiṫ, do ċuiridís na daoine breoite ar na sráidiḃ, agus d’impiḋdís air a leigean dóiḃ fiú cuimilt le h‐imeall a ḃrait: agus an méid do ċuimil leis do leiġeasaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

56 Agus pé ball ’n-a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i sráidiḃ nó i mbailtiḃ nó i gcaṫraċaiḃ, ċuiridís na daoine breóite ar na sráidiḃ, agus ḃídís ’ġá iarraiḋ air leigint dóiḃ fiú baint le faḃra a ḃrait; agus an méid a ḃaineaḋ leis do leiġistí iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:56
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, mar do ḃadar ag aḋlacaḋ duine, féuċ, go ḃfacadar buiḋean aca; agus do ṫeilgeadar an duine a ttuama Elisa: agus a nuáir do léigeaḋ an tóglaċ síos, agus do ḃean sé re cnáṁuiḃ Elisa, do aiṫḃéoġuiḋ sé, agus do ṡeas sé súas ar a ċosuiḃ.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,


Agus do ċuireadar impiḋe air go mbáinfidís lé himeal a éaduiġ aṁáin: agus an ṁéid díoḃ do ḃean do slánaiġeaḋ íad.


(Agus, féuċ, ṫáinic bean, ar a raiḃ dórtaḋ fola le ḋá ḃliáḋain déag, táoḃ ṡiar ḋe, agus do ċumail sí lé imeal a éudaiġ:


Oír do ṡlánuiġ sé mórán; ionnus gur lingeadar air an ṁéid ar a raḃadar easláinteaḋa, do ċum go gcuiméolaidís ris.


Agus do riṫeadar luċd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do ṫionnsgnadar na dáoine tinne diomċar ar leapṫaċuiḃ, dá gaċ áit na gcluindís eision do ḃeiṫ.


Aċd do ḟreagair Iósa agus a duḃairt, Fuilngiḋ go soiṫe so. Agus ar mbuáin ré na ċluáis súd, do ṡlánuiġ sé é.


Agus do ḃí an slúaġ uile ag íarruiḋ cuimealta ris: óir do ḃíḋ suḃailce ag dul úaḋ, agus do ṡlánuiḋ sé iad uile.


Do ċúaiḋ sí táoḃ ṡíar ḋeision, agus do ċumail sí ré himeal a ḃruit: agus do sguir a dórtaḋ fola ar an mball.


Agus ní ḃfuil slánuġaḋ a neaċ air biṫ eile: oír ní ḃfuil ainm ar biṫ eile fáoi neaṁ ar na ṫaḃairt do ḋáoiniḃ, lér ab éidir sinne ṡlánuġaḋ.


O atámáoidne a niuġ air ar dtaḃairt ċum ceasda a dtimċeall na máiṫeasa do rinneaḋ don duine éagcrúaiḋ, cionnas do slánnuiġeaḋ é;


Ionnus go nioṁċraidís amaċ fá na sráidiḃ na daoine éugcruáiḋe, agus go gcuirdís ar peapaċuiḃ íad, ionnus ag teaċd do Ṗeadar go gcuirfeaḋ a sgáile aṁáin sgáile ar neaċ éigin díoḃ.


¶ Do ḋéana tú ḋuit faḃra ar ċeiṫre ċeaṫraṁnuiḃ do ċulaiḋ, le ḃfoileoċa tú ṫú féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ