Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus ar ngaḃáil na gcúig narán ċuige agus an dá íasg, ar ḃféaċain súas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ sé, agus do ḃris sé na haráín, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum go gcuirfidís na ḃfiaḋnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrṫa uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus ag glacaḋ na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼaṁarc sé suas ar neaṁ, ḃeannuiġ agus ḃris sé na h-aráin, agus ṫug dá ḋeisciobail iad le cur ós a gcóṁair, agus rann sé an dá iasc orṫa uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:41
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar na áiṫne don ṗubal suiḋe air an ḃféur, agus ar nglacaḋ ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féaċain súas air neaṁ, do ḃeannaiġ sé, agus ar ná mbriseaḋ, tug sé ná harain do ná deiscioblaiḃ, agus tugadar ná deisciobail don tslúaġ íad.


Agus ar nglacaḋ na seaċd narán agus na níasgsin dó, ag taḃairt buiḋeaċais, do ḃris sé íad, agus ṫug sé ḋá ḋeisciobluiḃ, agus tugadar na deisciobail don tslúaġ íad.


Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, do ġlac Iósa arán, agus tar éis a ḃeannuiġṫi, do ḃris, agus tug sé ḋá ḋéisciobluiḃ é, agus a duḃairt sé, Glacuiḋ, iṫiḋ; a sé so mo ċorpsa.


Agus ar mbeiṫ ag caoṫeaṁ bíḋ ḋóiḃsean, do ġlac Iósa arán, agus tar eis a ḃeannaiġṫe, do ḃris sé, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, iṫiḋ: is sé so mo ċorpsa.


Agus do ṡuiġeadar síos na mbuiḋniḃ, na géuduiḃ, agus na gcáogaidiḃ.


Agus do iṫeadar cáċ uile, agus do saṫuiġeaḋ íad.


Agus ar ḃféaċain súas ar neaṁ, do léig sé osnaḋ, agus a duḃairt sé ris, Eṗṗaṫa, éaḋon, Bí osgailte.


An tan do ḃrís me na cúig aráin ar na cúig ṁíle, ga ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? A deiridsean ris, Ḋá ċlíaḃ ḋéug.


Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é.


Agus ar ngaḃáil na gcúig narán agus an dá iásg ḋósan, agus ar ḃféaċain sias ar neaṁ, do ḃeannuiġ sé iád, agus do ḃris sé, agus tug sé ḋá ḋeisciobluiḃ iád do ċum go gcuirfidís a ḃfiaḋnuisi an ṗubail iád.


Uime sin do ṫógḃadar an ċloċ don áit a raiḃ an duine marḃ curṫa. Agus do ṫóg Iósa a ṡúile súas, agus a duḃairt sé, A Aṫair, do ḃeirim buiḋeaċus duit do ḃríġ gur éisd tú rium.


Do laḃair Iósa na neiṫesi, agus ag tógḃáil a ṡúl ċum neime ḋó a duḃairt sé, A Aṫair ṫáinig a nuáir, taḃair glóir dod Ṁac féin, ionnus dtíuḃraḋ do Ṁac glóir ḋuitse mar an gcéadna:


Agus do ġlac Iósa na haráin; agus ar mbreiṫ buiḋeaċus, do roinn sé ar na deisciobluiḃ, agus na deisciobail ar na cuiḃreannuiḃ iád; agus mar an ccéudna fós do na hiásgaiḃ beaga an ṁéid dob áill léo.


Agus tangadar longa beaga eile ó Ṫibérias láiṁ ris an áit an ar iṫeadar an tarán, tar éis an Tiġearna ḃreiṫ buiḋeaċuis:


Agus ar ráḋ na neiṫeaḋ so ḋó, agus ar nglacaḋ aráin, rug sé buiḋeaċas ré Día na ḃfíaḋnuise uile: agus ar mbriseaḋ a naráin dó, do ṫionnsgain sé a iṫe.


An tí ċongṁas an lá, as don Tiġearna ċongṁas sé é; agus an tí naċ ccongṁann an lá, as don Tiġearna naċ ccongṁann sé é. An té iṫeas, as don Tiġearna iṫeas sé óir beiriḋ sé buiḋeaċus ré Día; agus an té náċ iṫeann, as don Tiġearna naċ iṫean sé, agus beiriḋ a ḃuiḋe ré Día.


Uime sin mas íṫe, nó iḃe ḋáoiḃ, nó giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, go maḋ ċum glóire Dé ḋéana siḃ na huile neiṫe.


A núair íosas tú bíaḋ agus ḃías tú lán, in sin ḃeinnéoċas tú an TIĠEARNA do Ḋía ar son a nfearuinn ṁaiṫ ṫug sé ḋuit.


Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.


Coṁlúaṫ agus ṫiucfuiḋe don ċaṫruiġ, do ġeaḃṫaoi ar ball é, suil raċus sé súas don náit áird diṫe: óir ní íosuid an pobal nó go ttí sé, do ċionn gur bé ḃeannuiġios an níoḋbairt; agus na ḋiaiġ sin iṫid luċd an ċuiriḋ. Anois ar a naḋḃarsin eírġiḋsi súas óir is timċioll; a nama sa do ġeaḃṫaoi é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ