Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do ċúalaiḋ an rí Iorúaiṫ so; (oír do ċúaiḋ ainm oiḋeirc airsion:) agus a duḃairt sé, Gur éiriġ Eóin Baisde ó ṁarḃuiḃ, agus dá ḃríġ sin a táid suḃáilciġe ag oibriuġaḋ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ċuala loruaḋ, rí, seo (óir ṫáinic cliú ar a ainm), agus deireaḋ sé: Dʼéiriġ Eoin Baiste arís ó na mairḃ, agus dá ḃríġ sin tá míorḃailte dá n-oibriuġaḋ tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do‐ċuala Ioruaṫ an rí ’n‐a ṫaoḃ sin; óir do ḃí a ainm d’á luaḋ: agus aduḃairt sé, Atá Eoin Baiste éiriġṫe ó na marḃaiḃ, agus, d’á ḃriġ sin, atá na cuṁaċta so ag oibriú ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus d’airiġ Héród, an rí, (óir ḃí a ainim-sin puibiliḋe), agus deireaḋ sé: Tá Eóin Baiste eiriġṫe ós na mairḃ, agus d’á ḃríġ sin táid cóṁaċta d’á n-oibriú tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne sé ann Ierusalem ionstrumeintiġ, do ċoncas lé daóiniḃ glioca, do ḃeiṫ ar na toruiḃ agus air na daingneaċaiḃ, do ċaiṫeaṁ soiġead agus ċloċ mór asta. Agus do leaṫnuiġ a ainm a nimċián; óir do cuidiuġaḋ leis go hiongantaċ, nó go raiḃ sé láidir.


Agus ṫugadar na Hammonitiġ tioḋluice do Ussiah: agus do leaṫnuiġ a ainm amaċ go nuige dul a steaċ na Hégipte; óir do neartuiġ sé é féin go hanṁór.


Aċd ar ndul a maċ ḋóiḃsean, so leaṫnuiġeadar a ċlúsan fan ttalaṁsin uile.


Agus do ċúaiḋ a ċlúsan ar an mball ar feaḋ na tíre uile a dtimċeall na Galilé.


Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd.


Aċd do ḟreagradarsan, Eóin Baisde: agus cuid eile, Elias; agus cuid eile, Aon do na fáiḋiḃ?


An lasin féin tangadar cuid airiġe do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, ag raḋ ris, Imṫiġ amaċ, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáiṫ do ṁarḃaḋ.


Agus an-cuigeaḋ bliaḋan déug dimpireaċid Ṫibérius Séasar, ar mbeiṫ do Ṗonsius Ṗioláid na úaċdarán a ttir Iúdáiġe, agus Ioruáiṫ na ṫéatrarc sa Ngalilé, agus Ṗilip a ḋearḃraṫair na ṫéatrarc air Ituréa agus air ċríċ Ṫraċonítis, agus Lísánias na ṫetrarċ air Abiléne,


Agus do ċúaiḋ an túarasgḃáil so amaċ air féaḋ ṫíre Iúdaiġe uile, agus air feaḋ gaċ éintíre timċeall.


Agus do ḟreagradarsan agus a duḃradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éiġe fáiġ éigin do na seanḟáiġiḃ a rís.


Oír do clós fuáim ḃréiṫre an Tíġearna uáiḃse amaċ, ní hé aṁáin a Macedónia agus a Naċaía, aċd do leaṫnuiḋ ḃur gcreideaṁ a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas naċ ḃfuil na ríaċdanas oruinne éinní laḃairt.


Ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ coiṁḟíaḋnuise ríu, maille ré cóṁarṫuiḃ agus ré hiongantuiḃ, agus ré súḃailciḃ éugsaṁla, agus ré tioḋlaiciḃ an Sbiorad Náoiṁ, do réir a ṫola féín?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ