11 Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.
11 Agus cibé ar biṫ iad naċ ḃfáilteoċaiḋ róṁaiḃ agus naċ n-éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt as sin díḃ, craiṫigiḋ an dusta de ḃur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.
11 Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.
Mar an ccéadna do ċroiṫ mé muċt, agus a duḃairt mé, Go ccroiṫiḋ Día marso amaċ as a ṫiġ, agus as a ṡaoṫar, an té naċ ccoiṁéolluiḋ an geallaḋsa, gu maḋ marso ċroiṫfiġṫear amaċ, agus ḟoilṁeoċṫar é. Agus a duḃairt an coṁċruinniuġaḋ uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallaṁnasa
Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ.
Agus ag déunaṁ luáiṫriḋ do ċaiṫreaċuiḃ Ṡoduim agus Ġomorra do ḋamnuiġ sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunaṁ na neisiompláir don druing do ċaiṫfeaḋ a mbeaṫa go neiṁḋíaġa;
Aċd neaṁ agus talaṁ, a nois atáid da dtaisge ris an mbréiṫir gcéudna, dá gcoiṁéud fá ċoṁair teineaḋ go lá damnuiġe agus sgriosda na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa.
As tríd so atá an gráḋ ar na ċoiṁlíonaḋ ionnuinne, ionnus go mbíaḋ dánaċd aguinn a ló an ḃreiṫeaṁnuis, do ḃríġ gur do réir mar atá seision, atámuidne fós sa tsáoġalsa.
Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caiṫreaċa na dtimċioll, noċ do lean do ḋrúis air an moḋ céudna sin, agus do lean dainṁíanuiḃ coiṁṫiġeaċa na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineaḋ síorruiḋe.